Déanann Músaeim Stair an Bhruscair san Eoraip a Iniúchadh

Cén fáth ar chóir do mhúsaeim labhairt ar bhruscar? Is ábhar é seo atá ar an imeall mar go mbaineann sé leis an méid a dhiúscraímid agus nach dteastaíonn uainn breathnú air a thuilleadh – is saincheist lárnach dár n-aimsir féin í an dramhaíl anois. Mar áiteanna foghlama, machnaimh agus díospóireachta, agus nithe agus scéalta ó thréimhsí éagsúla á nascadh acu, thar aon áit eile tá músaeim in ann an topaic seo a nochtadh don saol mór.
Ó 2021 i leith, tá Áras Stair na hEorpa tar éis tabhairt faoi thionscadal sa mhúsaem ina iomláine ina scrúdaítear ceist na dramhaíola san Eoraip ó thaobh na staire de agus ina leagtar béim ar thábhacht na dramhaíola ó thaobh athrú sóisialta a léiriú. Chomh maith le taispeántas sealadach a ullmhú ar an ábhar seo, tugtar le chéile faoi scáth an mhúsaeim aon mhúsaem déag ó dheich dtír Eorpacha atá gníomhach ar an leibhéal áitiúla agus ar an leibhéal náisiúnta i réimsí stair an dúlra, na heitneolaíochta, na healaíne agus na seandálaíochta. Le chéile, scrúdaíonn siad conas is féidir lena mbailiúcháin, a gcláir agus a gcleachtais iad a spreagadh le “labhairt ar bhruscar” ionas go músclaítear spéis san ábhair i measc a bpobal spéise.
Mar thoradh ar an gcomhpháirtíocht Phan-Eorpach seo, comhfhorbrófar ardán ar líne a bheidh le seoladh go luath in 2023 in éineacht leis an taispeántas sealadach atá in Áras Stair na hEorpa sa Bhruiséil. Ag an am céanna, cuirfidh na músaeim chomhpháirtíochta comhchlár gníomhaíochtaí i bhfeidhm do phobail spéise ar líne agus ar an láthair ar fud na hEorpa.
Fiosraíonn na comhpháirtithe topaic na dramhaíola ó pheirspictíocht thrasnáisiúnta agus thrasdisciplíneach faoi na téamaí agus na cuspóirí seo a leanas:
BAILIÚCHÁIN: Naisc a chruthú idir oibiachtaí i dtíortha agus i ndisciplíní éagsúla ar thréithe na dramhaíola agus ar na bríonna atá léi.
SCÉALTA: Díriú ar dhaoine trí agallaimh a chur ar phobail ar fud na hEorpa chun tuiscint a fháil ar an ngaol atá acu le dramhaíl.
ÉICEACHÓRAIS: Eolas a chomhroinnt agus feasacht a mhéadú maidir le láithreacht agus tionchar na dramhaíola ar ár dtimpeallacht.
GRÉASÁIN BHRUSCAIR: Nasc a dhéanamh idir eolas agus cleachtais maidir le bainistiú dramhaíola ó theangacha, réigiúin, disciplíní agus pobail éagsúla.
AN MÚSAEM GNÍOMHAÍOCH: An inbhuaine a chur i gceartlár obair na músaem, trí dhea-chleachtais a chomhroinnt agus acmhainní a mhalartú.
Comhpháirtithe
Músaem Daonearraí agus Ealaín na nDaoine, an Ostair (Vín, an Ostair)
“I gceartlár phríomhchathair na hOstaire is teach agus ardán oscailte leathanaigeanta sinn i gcomhair saincheisteanna cultúrtha agus sochaíocha a bhaineann leis an am atá thart agus leis an am i láthair. Tá suim againn sna dioscúrsaí agus sna cleachtais ina ndéantar athmhachnamh ar ghnéithe den cheartas comhshaoil, sóisialta agus inscne. Cuirtear fáilte roimh an dúshlán na modhanna cur chuige sin ar thopaicí na dramhaíola agus an bhruscair a chur i bhfeidhm agus a phlé ar leibhéal Eorpach!”
Ard-Mhúsaem na hEastóine (Tartu, an Eastóin)
“Inár dtaispeántas buan dar teideal Encounters agus trí thionscadail shealadacha, dírímid freisin ar an duine agus ar an gcomhshaol atá ann faoi láthair. Agus sinn ag roghnú scéalta ó na tíortha Baltacha agus á gcur i láthair anseo in Raadi, ar shuíomh aerpháirce é roimhe seo agus arb é suíomh Ard-Mhúsaem úrnua na hEastóine in Tartu anois é, táimid ag labhairt freisin ar phróisis mhóra agus ar stair an chomhshaoil.”
Fondúireacht Mhúsaem Ettore Guatelli (Ozzano Taro, an Iodáil)
“I gcaitheamh na mblianta, is minic a thug Músaem Ettore Guatelli aghaidh ar shaincheisteanna éiceolaíochta, dramhaíola agus bruscair. In earrach na bliana 2022 cuirimid taispeántas ar fáil dar teideal Dramhaíl: Daoine, Rudaí, Áiteanna, a thagann faoi anáil Ettore freisin, agus aghaidh á tabhairt ann ar théamaí ba chás leis cheana féin, ach ag breathnú orthu ó thaobh na tréimhse comhaimseartha de.”
Músaem Chultúir na hEorpa – Ard-Mhúsaeim i mBeirlín (an Ghearmáin)
“In 2019, d’fhorbraíomar, in MEK, coincheap bailiúcháin lena sainaithnítear, i measc nithe eile, réimsí fócais a bheidh mar bhonn d’fhorbairt théamach ghníomhaíochtaí bailithe agus taispeántais MEK sna blianta amach romhainn. Tá an inbhuaine ar cheann de na réimsí fócais sin, mar ghníomhaíocht i dtaobh saincheist shóisialta thábhachtach reatha atá ag léiriú na gcleachtas laethúil a bhaineann le nithe a choinneáil agus a chaitheamh amach chomh maith le deisiú, athchúrsáil agus athúsáid.”
Músaem na Nua-staire, Celje (Celje, an tSlóivéin)
“Inár músaem pobalghníomhach atá dírithe ar an todhchaí déanaimid taighde ar shaincheisteanna ábhartha a bhaineann le hiarmhairtí ár modha maireachtála agus déanaimid iarracht athrú dearfach a chur chun cinn nó a éascú.”
Músaem Shaol na Vallúnach – Cúige Liège (an Bheilg)
“Osclófar an chéad taispeántas eile inár músaem in 2022 agus tá sé tiomnaithe do bhruscar, sa Vallúin den chuid is mó, ach sa Bheilg agus san Eoraip freisin. Is é sin an fáth a bhfuilimid ar bís páirt a ghlacadh sa tionscadal Eorpach seo agus an t-eispéireas a bhrath i bpáirt le músaeim eile, ag tosú le hÁras Stair na hEorpa.”
Ard-Mhúsaem na dTuathánach sa Rómáin (Búcairist, an Rómáin)
“In Ard-Mhúsaem na dTuathánach sa Rómáin táimid tar éis taighde agus taispeántais eitneolaíochta a eagrú ar eochaircheisteanna soch-chultúrtha atá tagtha chun cinn le déanaí, agus tá dlúthbhaint ag an taighde i gcuid acu le topaic an bhruscair.”
Músaem Stair an Dúlra, Vín (an Ostair)
“Tá sé mar aidhm ag Músaem Stair an Dúlra cur go mór leis an bhforbairt inbhuanaithe san Ostair, san Eoraip agus ar fud an domhain. Déanaimid ár ndícheall an sprioc sin a bhaint amach tríd an taighde disciplíneach, idirdhisciplíneach agus rannpháirteach den scoth atá ar siúl againn, trínár mbailiúcháin a chur ar fáil do phobal spéise níos leithne trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht dhigiteach, trí mhodhanna cur chuige nuálacha, cuimsitheacha agus spreagúla a úsáid maidir le múineadh na heolaíochta, agus trí bheith inár músaem atá neodrach go hiomlán ó thaobh carbóin de faoi 2030.”
An Músaem Náisiúnta Eitneagrafach (Vársá, an Pholainn)
“Ghlacamar páirt i dtionscnamh Áras Stair na hEorpa toisc gur thángamar ar nascphointí idir ár dtionscadail agus ár dtaispeántais féin agus an chomhpháirtíocht seo ar stair na dramhaíola. Is deis iontach é an tionscadal seo dár bhFoireann Ghlas inmheánach – tionscnamh atá dírithe ar an inbhuaine – machnamh a chruthú maidir le cúrsaí bruscair agus is deis é don institiúid ar fad ár mbailiúcháin éagsúla a athshainiú. Is mór againn ár dtaithí agus ár n-eolas a chomhroinnt le músaeim ar fud na hEorpa.”