Back to top

TEAGHLAIGH

Do theaghlaigh le leanaí idir 6-10 mbliana d’aois – tóg mála agus téigh ar ais trí thréimhsí éagsúla stair na hEorpa. Beidh leanaí in ann an stair a bhraistint, ar bhealach nach bhféadfaí é sin a dhéanamh riamh roimhe seo, trína bolú, í a bhrath agus maireachtáil inti trí chluichí rólimeartha i nGníomhaireacht Taistil ó na 1960idí, siúl i mbróga spásaire, nó dul i ngleic le róbait. Tá Spásanna Fionnachtana do Theaghlaigh ar fáil i 24 theanga agus is féidir dul isteach iontu le linn uaireanta oscailte an mhúsaeim. Bíonn gníomhaíochtaí éascaithe breise ar siúl: Dé Céadaoin, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ag 14:00 go 17:00. Tá saorchead isteach ann. Ní gá áirithint a dhéanamh.

Tacaíonn an músaem le teaghlaigh, tá saoráidí friothála ar naíonáin ann, mar aon le rochtain do bhugaithe. Molaimid go mbeadh sé bliana d’aois slánaithe ag na leanaí a thugann cuairt ar an músaem. D’fhéadfadh sé go mbeadh tuismitheoirí den tuairim nach bhfuil gnéithe áirithe den bhuantaispeántas oiriúnach ach do leanaí atá os cionn 11 bhliain d’aois.

Ná déan dearmad súil a chaitheamh ar ár leathanach ‘Céard atá ar siúl’ le liosta a fháil de na himeachtaí speisialta a bheidh ar siúl do theaghlaigh agus do leanaí!

Europa

AG BUALADH LEIS AN mBANPHRIONSA EUROPA AGUS LEIS AN bPRIONSA CADMUS

Tagann scéal Europa agus Cadmus ó mhiotaseolaíocht na Gréige. Ba iad leanaí Rí na Féiníce iad. Thit an Dia Séas i ngrá le hEuropa agus chuaigh sé i riocht tarbh bán chun bob a bhualadh uirthi, agus í a thógáil chun siúil as a tír dhúchais. Rinne Cadmus iarracht í a thabhairt slán, agus chuir sé daoine ar an eolas faoin aibítir Fhéiníceach ar a chuid taistil – aibítir a bhí ina réamhtheachtaí do na haibítrí Eorpacha ba nua-aimseartha. Dá réir sin, ainmníodh ilchríoch na hEorpa as Banphrionsa Europa.
Map

LÉARSCÁILEANNA AGUS LOINGSEOIREACHT

Bíonn cuma bheag ar an Eoraip i gcomparáid leis na hilchríocha eile. Féach ar an gcaoi a bhfuil cuma agus cruth léarscáileanna na hEorpa agus an domhain athraithe le himeacht ama de réir mar a cuireadh tuilleadh eolais faoin domhan ar fáil. Tugadh éachtaint úr do dhaoine leis na léarscáileanna sin: Bealaí nua talún agus mara, rochtain ar chineálacha eile bia, cruinnithe le daoine éagsúla agus cultúir éagsúla.
Kids

AN SAOL SA 19Ú HAOIS

Leis an ngailearaí seo, insítear dúinn faoin saol san Eoraip sa 19ú haois. Ba mhór an dul chun cinn a bhí ann do dhaoine áirithe agus d'fhulaing daoine eile an-chuid cruatain. Bhí daoine ar fud na hEorpa ag bogadh ón tuath d’fhonn post a bhaint amach i gcathracha tionsclaíocha móra. Bhí an saol do leanaí faoi mhíbhuntáiste thar a bheith deacair ós rud é gur oibrigh an chuid is mó díobh i ndálaí uafásacha agus gan deis oideachais a fháil.
Kids

AN SAOL SA 19Ú HAOIS

Cé gur só é d’Eorpaigh saibhre earraí bia den sórt sin a ithe, is minic a bhí dianfhulaingt ar dhaoine a bhí ina gcónaí i gcoilíneachtaí Eorpacha de dheasca tháirgeadh na gcineálacha bia sin. Is féidir roinnt déantán a bhaineann le cruálacht na coilíneachta a fheiceáil sa chás taispeántais seo. Chomh maith leis sin, tabhair faoi deara an chaoi go bhfuil dathanna éagsúla ar an léarscáil le haghaidh impireachtaí na hEorpa agus a sealúchas coilíneacha.
Make your holiday plan

LEAG DO PHLEAN SAOIRE AMACH!

Insítear sa chuid seo den mhúsaem linn an chaoi go raibh níos mó agus níos mó de mhuintir na hEorpa in ann am fóillíochta a chaitheamh agus taisteal a dhéanamh sna 1960idí agus sna 1970idí. Ní hamhlaidh a bhí i gcás mhuintir na hEorpa ar fad, áfach, mar gheall ar bhochtaineacht shóisialta agus eacnamaíoch agus srianta taistil i neart áiteanna in Oirthear na hEorpa. Gabh isteach sa ghníomhaireacht taistil seo ó na 1960idí. Féach ar an gcatalóg agus déan an chéad cheann scríbe saoire eile a phleanáil. Má tá d’intinn agat ar do chéad cheann scríbe saoire, tarraing cárta poist duit féin den cheann scríbe saoire is fearr leat. Pléigh le do (shean)thuismitheoirí – ar thaisteal siad ar an gcaoi chéanna nuair a bhí siad ar an aois chéanna leat?
Wall

AN BALLA SPÁSANNA FIONNACHTANA DO THEAGHLAIGH

Lig roth na cinniúna cinneadh a dhéanamh cén carachtar a ghlacfaidh tú chugat féin! Foghlaim níos mó faoin gcarachtar atá agat, a dhálaí saoil agus na cearta a bhí ag do charachtar san am atá thart. Gléas suas agus roghnaigh cás réalaíoch ceart a bhí ag do charachtar agus téigh siar ar bhóithrín na smaointe go dtí an t-am atá thart. Tarraing pictiúr mar chruthúnas go ndeachaigh tú siar sna blianta.  Ina dhiaidh sin, faigh tuilleadh eolais ón mballa fionnachtana atá againn chun tuairim a fháil ar an gcaoi ar shamhlaigh eolaithe, aireagóirí, ealaíontóirí, ailtirí agus innealtóirí nuálaíochtaí an domhain san am a chuaigh thart, agus an chaoi go bhfuilimid fós ag úsáid go leor dá gcuid nuálaíochtaí. Ar spreag sé thú chun rud éigin nua a chruthú? Tóg do pheann luaidhe, tarraing aireagán róbait nua agus taispeáin é don phobal.
Submarine

AIREAGÓIRÍ, TEICNEOLAÍOCHT AGUS TAISTEAL

Ba shaoi de chuid an Renaissance Iodálach é Leonardo da Vinci a raibh réimsí spéise aige sa cheapadh, sa phéinteáil agus san innealtóireacht. Thuill sé iomrá dó féin mar phéintéir an Mona Lisa. Bhí cáil as a airgtheacht theicneolaíoch ar Leonardo chomh maith. Dhear sé meaisíní eitilte, cineál feithicle armúrtha troda agus cineál fomhuireáin. Is beag dá chuid dearaí a tógadh nó a bhí indéanta fiú le linn a shaoil.
Piano

EALAÍN AGUS CEOL: SYNESTHESIA

Cheangail Kandinsky dathanna le fuaimeanna. Rinne sé iarracht a chur in iúl i gcuid mhaith saothair ealaíne aige conas a nasc ceol agus fuaimeanna le chéile. Is féidir leat é seo a thriail ar an mballa fionnachtana chomh maith. Déan do naisc féin idir ealaín agus ceol ar an bpianó daite seo.
Architects

AILTIRÍ

D’fheidhmigh an scoil ealaíne Ghearmánach ó 1919 go 1933, ag cur ceardaíocht agus na mínealaíona le chéile, agus bhí clú ar an scoil as an gcur chuige simplí geoiméadrach i leith dearadh a bhí á phoibliú agus á mhúineadh acu. Ba é Walter Gropius in Weimar a bhunaigh an Bauhaus. Bunaíodh é leis an smaoineamh saothar ealaíne ‘iomlán’ a chruthú ina dtabharfaí na healaíona uile, ailtireacht san áireamh, le chéile ar deireadh.

BRABHSÁIL NA HACMHAINNÍ