Back to top

FOR-ROCHTAIN

Tá na prionsabail seo a leanas mar threoir ag tionscadail for-rochtana in Áras Stair na hEorpa:

  • Forbairt an lucht éisteachta agus féachana: tugaimid faoi mheascán de ghníomhaíochtaí for-rochtana chun feasacht an phobail a fheabhsú agus chun líon na gcuairteoirí agus na n-úsáideoirí a mhéadú. Cuirimid daoine nach cuairteoirí músaeim iondúla iad san áireamh chomh maith.
  • Inrochtaineacht: is é atá mar aidhm againn rochtain chothrom a chur ar fáil ar achmhainní do luchtanna féachana agus éisteachta beag beann ar a suíomh, leibhéal oideachais, aois, eitneachas, cumas fisiciúil nó intleachtúil nó teanga. Forbraítear taispeántais, seirbhísí agus cláir laistigh de chreat cuimsitheach.
  • Comhairliúchán agus athbhreithniú: tá comhairliúchán agus taighde mar bhonn do na tionscnaimh for-rochtana lena n-áiritheofar cláir agus gníomhaíochtaí atá ábhartha do spriocphobal sainaitheanta nó do phobail rannpháirteacha.
  • Ceannaireacht: tá ról ceannaireachta ag Áras Stair na hEorpa i líonraí a thógail lena n-éascófaí comhpháirtíochtaí, comhoibriú agus comhghuaillíochtaí le hinstitiúidí agus le heagraíochtaí eile.

I measc na dtionscadal reatha atá ag Áras Stair na hEorpa tá Mórthaispeántas dar teideal ‘Fíor agus Bréagach’, Suíomhanna um Dhaonlathas na hEorpa, agus comhpháirtíocht Phan-Eorpach le músaeim maidir le dramhaíl: ‘Throwaway - stair géarchéime nua-aimseartha’.

Ag taispeáint 1 - 1 na 1 ar fad