Back to top

Seabhaic agus colúir - Coimhlint

Aois: 
6-11
CUR SÍOS

Is iomaí sin cúis ann a thugann ar dhaoine aonair agus ar ghrúpaí teacht i gcoimhlint lena chéile. Ag an am céanna, tá rudaí ann nach féidir linn a bhaint amach d’uireasa daoine eile. Sa téama seo, déantar iniúchadh ar an dinimic a bhaineann le cogadh agus síocháin trí bhreathnú ar phatrún den chaidreamh a bhíonn idir buaiteoirí agus cailliúnaithe, idir síochánaithe agus gríosóirí cogaidh. Tugtar chun suntais ann gur ann don Eoraip faoi mar atá sa lá atá inniu ann mar gheall ar stair ina raibh cogadh, forghabháil agus scrios, ach freisin stair ina raibh dlúthpháirtíocht, caibidlíocht agus athmhuintearas.