Back to top

CEISTEANNA COITIANTA

TABHAIR CUAIRT ORAINN

Cad iad na bearta sábháilteachta a tugadh isteach a bhaineann le Covid-19?
Conas a chuirim cuairt in áirithe do mo dhaltaí?

Chun a sheiceáil an bhfuil spás againn daoibh agus chun cuairt a chur in áirithe do do dhaltaí, téigh go dtínár leathanach Cuir Cuairt in Áirithe.

Conas a dhéanaim teagmháil le foireann foghlama Áras Stair na hEorpa?
Tá acmhainní foghlama iontacha ullmhaithe agam a bheadh suimiúil daoibh agus do na cuairteoirí ar bhur suíomh gréasáin. An féidir libh nasc chuig mo shuíomh gréasáin foghlama a óstáil?

Ní bheidh Áras Stair na hEorpa in ann naisc chuig suíomhanna gréasáin seachtracha a óstáil.

Feicim gur mó de ghné théamach atá le bhur n-acmhainní seachas iad a bheith in ord croineolaíoch. Cén fáth?

Tá struchtúr téamach ag roinnt leis na hacmhainní seo againn seachas iad a bheith in ord croineolaíoch; tá siad trasnáisiúnta seachas fócas náisiúnta a bheith leo agus clúdaíonn siad tréimhsí éagsúla ama. Tugann sé sin an fhéidearthacht cur chuige a ghlacadh ina ndéantar ‘comparáid agus codarsnacht’. Tá an t-ábhar oideachais seo forbartha go speisialta againn chun go mbeadh sé ag teacht leis an insint atá ag gabháil leis an mbuantaispeántas ag Áras Stair na hEorpa.

Cad ina thaobh a dtairgtear gníomhaíochtaí agus acmhainní áirithe i 24 theanga ach nach dtairgtear cinn eile ach i 4 theanga?

Is mar shócmhainn a bhreathnaíonn Áras Stair na hEorpa ar mhóréagsúlacht cultúr agus teangacha AE. Agus é fréamhaithe go daingean sa Stair Eorpach, is léiriú é an t-ilteangachas ar an éagsúlacht chultúrtha agus teanga sin. Chomh maith leis sin, déanann sé Áras Stair na hEorpa níos inrochtaine do na cuairteoirí go léir. Ag féachaint dó sin, tá gach iarracht déanta againn chun táirge foghlama agus coimeádaíochta a chur ar fáil i 24 theanga AE agus leanfaimid den mhéid sin a dhéanamh. Táimid ag obair chun a chinntiú go mbeidh níos mó acmhainní foghlama ar fáil sna 24 theanga uile amach anseo.

Cad iad na hacmhainní atá ar fáil chun cuidiú liom mo chuairt ar Áras Stair na hEorpa a phleanáil?

Chun do thuras chuig Áras Stair na hEorpa a phleanáil níos fearr, téigh go dtí an rannán Tabhair Cuairt Orainn dár suíomh. Brabhsáil freisin na Gníomhaíochtaí Seomra Ranga agus Ábhar atá ar fáil do chuairteanna. Bí cinnte cuairt a thabhairt ar na leathanaigh seo go minic, mar tugtar iad cothrom le dáta go minic.

An bhfuil léarscáil ar líne d’Áras Stair na hEorpa ar fáil?

Tá, is féidir leat í a íoslódáil sa mhír Fionnachtain: Cuairteanna féintreoraithe.

Cad é an costas atá ar chuairt threoraithe nó ar cheardlann?

Mura luaitear a mhalairt go sonrach, tá na cuairteanna treoraithe agus na ceardlanna uile saor in aisce.

Cad é an costas atá ar chuairt a thabhairt ar an músaem?

Tá cuairteanna ar Áras Stair na hEorpa saor in aisce.

Ní bheidh cuairt threoraithe uaim; an féidir liom díreach mo dhaltaí a thabhairt liom nó an gá dom áirithint a dhéanamh don chuairt mar sin féin?

Ar chúiseanna sláinte agus sábháilteachta iarrfaimid ort fós cuairt a chur in áirithe trínár leathanach Cuir Cuairt in Áirithe.

Conas is féidir liom cuairt a ullmhú do ghrúpa scoile?

Chun faisnéis phraiticiúil a fháil faoi chuairt do ghrúpa scoile, téigh go dtínár mír “Tabhair Cuairt Orainn:” Scoileanna.

Can I book a meeting room in the House of European History following our visit to the museum?

The House of European History does not provide meeting rooms following visits to the museum.