Back to top

OILIÚNÓIRÍ AGUS MÚINTEOIRÍ

Is áit duitse agus do do chuid daltaí é Áras Stair na hEorpa. Tugann sé eolas, ceistíonn sé dearcthaí agus tugann sé ábhar machnaimh. Ach anuas air sin ar fad, tugann sé an deis do na daltaí ceisteanna a chur faoin stair agus í a fhoghlaim. Gné lárnach dár gcur chuige i leith na foghlama is ea an ról cumhachtach atá ag an stair chun saol an lae inniu a iniúchadh agus a mheasúnú.

Tá réimse acmhainní oideachais forbartha againn, ar acmhainní iad atá curtha in oiriúint do riachtanais na n-aoisraonta éagsúla agus na gcumas foghlama éagsúla. Tá lear mór ábhair ar líne againn ionas gur féidir leat an t-ábhar teagaisc a úsáid i do sheomra ranga féin, is cuma cén áit é sin. Caith súil ar na leathanaigh seo a leanas go bhfeicfidh tú cad iad na roghanna a cheapfá is oiriúnaí duitse agus do do chuid daltaí.

GNÍOMHAÍOCHTAÍ DON SEOMRA RANGA

Brabhsáil tríd an raon leathan pleananna ceachta atá saor in aisce agus ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúil AE. Clúdaíonn ár n-acmhainní réimsí go leor de bhailiúchán Áras Stair na hEorpa agus dár gclár taispeántais, a bhfuil éagsúlacht go leor ag baint leis. Bain triail as an...

CUAIRTEANNA TREORAITHE AGUS CEARDLANNA

Bain an buntáiste is fearr as do chuairt chuig an Áras trí leas a bhaint as rogha fhorleathan ceardlann, imeachtaí, cainteanna, cuairteanna treoraithe agus eile a chuirtear ar fáil do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna.

Young people reading museum resources

CUAIRTEANNA FÉINTREORAITHE

Caith súil ar ár gcuid gníomhaíochtaí féintreoraithe agus cuidigh le do chuid daltaí taitneamh a bhaint as na gailearaithe ar a gcomhairle féin.

CEISTEANNA COITIANTA

An bhfuil aon cheist agat faoinár n-acmhainní foghlama agus faoin deis foghlama? Cliceáil anseo chun breathnú ar an liosta de Cheisteanna Coitianta.