Óige Mhíshuaimneach
Ag fás aníos san Eoraip, 1945 go dtí seo
Le 70 bliain anuas, tá daoine óga san Eoraip tar éis athrú ó ghrúpa ar mhúnlaigh an stair a saol, go grúpa a dhéanann an stair iad féin. Clúdaítear sa taispeántas ceithre ghlúin de dhaoine óga den sórt sin a tháinig in aois ag tráthanna ríthábhachtacha i scéal na hEorpa: ag deireadh na 1940idí, na 1960idí, na 1980idí agus na 2000idí. Pléann sé buntaithí na hóige; ó hoideachas agus fostaíocht, go dtí cruthú féiniúlachta agus aimsiú grá.
Is cinnte go raibh tionchar ag polaitíocht, sochaí, cultúr agus eacnamaíocht an ama ar a leithéid de thaithí. Is mór an difear idir a bheith óg sa tsochaí rachmasach agus shaor agus a bheith óg faoi thionchar bochtaineachta nó leatroim pholaitiúil.
Ar fud na hEorpa, roghnaigh daoine óga scaradh le luachanna a dtuismitheoirí agus breathnú orthu féin mar ghlúin ar leith - ‘mo ghlúinse’. Chruthaigh siad a gcultúr féin lena chuid luachanna féin; luachanna a raibh daoine óga réidh chun troid nó chun bás a fháil ar a son.
Cé gur daoine óga is ábhar don taispeántas seo, ní do dhaoine óga amháin atá sé. Bhíomar go léir inár ndaoine óga uair amháin, agus cé nach maireann an óige ach seal, is annamh a dhéantar dearmad uirthi.
Gailearaí na bhFíseán 1 – na scéalta a bhaineann leis na réada
Is féidir míle focal a insint le haon ghrianghraf amháin. Foghlaim faoin gcaoi ar thug an saighdiúir Ollannach Flip Peeters míniú ar an am a chaith sé sa chogadh coilíneach i gcoinne Neamhspleáchas na hIndinéise (1948-50), trí léaráidí grafacha i litreacha agus ina dhialann. Bhí an dialann ar taispeáint inár dtaispeántas sealadach ‘Óige Mhíshuaimhneach’.
Chuaigh Juan Busquets isteach sa Maquis- an fhrithbheartaíocht armtha i gcoinne réimeas Ghinearál Franco - agus é 21 bhliain d’aois. San fhíseán seo míníonn sé an scéal a bhaineann leis an gceolbhosca lámhdhéanta a thug sé ar iasacht dár dtaispeántas sealadach ‘Óige Mhíshuaimhneach’
Próiseas suiteála ár dtaispeántas sealadach ‘Óige Mhíshuaimhneach’ ina mbreathnaítear ar cheithre ghlúin de dhaoine óga a tháinig in aois ag amanna suntasacha i scéal na hEorpa: deireadh na 1940idí, na 1960idí, na 1980idí agus na 2000idí.
Gailearaí na bhFíseán 2 – na scéalta a bhaineann leis na réada
Dheonaigh Eorpaigh óga réada ó agóidí athraithe aeráide, lena n-áirítear cóip d’óráid Greta Thunberg, meirgí agóide agus “culaith anraith” déanta as plaisteach. Cuireadh na réada sin i dtaispeántas speisialta atá nasctha lenár dtaispeántas sealadach ‘Óige Mhíshuaimhneach’.
Féach ar ghrianghraif Olivia Heussler chun a fháil amach faoin gcaoi a raibh daoine óga in Zurich gníomhach sna hagóidí le linn na 1980idí. Tá samplaí dá cuid pictiúr ar taispeáint inár dtaispeántas sealadach ‘Óige Mhíshuaimhneach’, sa roinn ‘Idir éadóchas agus dóchas’.
Glúin Chiúin na hEorpa?
D’fhág an Dara Cogadh Domhanda daoine óga agus a dteaghlaigh an-suaite. Cailleadh daoine b’ionúin le daoine, nó scaradh ó chéile iad, agus bhí eithne an ghnáthshaoil scriosta. Agus teirce agus gannchúis mórthimpeall orthu, bhí daoine óga ag leanúint ar aghaidh lena saol. Tá gúnaí pósta déanta as síoda paraisiút agus cistí bainise cairtchláir ina léiriú ar an streachailt chun ciall do chobhsaíocht agus don saol a bheith ina ghnáthstaid a chruthú.
Ar an drochuair, nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh, ní hé gur scoireadh den anfhorlann scunscan agus go raibh síocháin ann do chách. Bhí coimheascar fós ann i scata tíortha, mar a raibh cogaí agus gluaiseachtaí freasúra ar bun. In áit sochar a bhaint as an tsíocháin a rabhthas ag dúil léi le fada, is amhlaidh a bhí daoine óga thíos leis athuair mar gheall ar anfhorlann agus ar phionóis ghéara. I réimis chumannacha nuabhunaithe in Oirthear Eorpa, thosaigh daoine óga ar bheith rannpháirteach i roinnt gluaiseachtaí frithbheartaíochta, idir ghluaiseachtaí síochánta agus ghluaiseachtaí armtha.
Bhí an toireasc á iompar ar a dhroim aige le linn ruathar gan choinne. Lámhachadh Kokk ach chosain an toireasc ar an urchar é agus d'imigh sé gan mháchail. I 1949, áfach, díbríodh Kokk chun na Sibéire, mar a ndeachaigh sé d’éag.
Tar éis an chogaidh, níorbh ann fós san Eoraip do chultúr óige ar leith. Bhí cultúir óige ag teacht chun cinn, áfach, a bhí faoi anáil Mheiriceá, agus mealladh na scórtha móra d’ógra na hEorpa chucu. Ba é a mian siúd a leithlí, agus a naimhdeas don ghéilleadh do ghnás sa tsochaí, a léiriú. Tháinig fochultúir éagsúla chun cinn i mórán gach uile thír: Teddy Boys agus Rockers sa Ríocht Aontaithe, Blousons noirs sa Fhrainc, Teppisti san Iodáil, Nozem san Ísiltír, Halbstarken sa Ghearmáin, Bikinarze sa Pholainn, Jampecok san Ungáir, Malagambisti sa Rómáin, Potápkas nó Páseks sa tSeicslóvaic, agus Stilyagi san Aontas Sóivéadach.
Bhí an-imní ar na húdaráis Thoir agus Thiar faoi fhochultúir na hóige a bheith ag teacht chun cinn. Mó sa mhó, ba é tuairim an rialtais agus na bpóilíní gurbh amhais agus ógchiontóirí iad na daoine óga sin, agus chiap siad iad i ngeall ar an dealramh a bhí orthu.
Chuir ógra agus gluaiseachtaí óige na hEorpa in iúl gur mhian leo go mbeadh síocháin ann, ní nach bhféadfaí a bhaint amach ach amháin dá mbeidís siúd ag gníomhú thar theorainneacha náisiúnta. Cuireadh síos ar an óige mar ní a bhí sciamhach, láidir, agus a bhí — gona samhailchomharthaí síochána — d’aon taobh fud fad an domhain sa troid ar son na saoirse. Eagraíodh campaí óige agus cruinnithe óige idirnáisiúnta ar fud na hEorpa mar bhealach chun athmhuintearas iarchogaidh a chothú .
De dheasca an Chogaidh Fhuair, áfach, ní mar sin a bhí nithe suite ní ba mhó, óir bhí Oirthear Eorpa faoi bhois an chait ag an Aontas Sóivéideach, rud a d’fhág ina chríoch scoite é agus a chuir isteach ar an malartú idirnáisiúnta fairsing. Tháinig an óige agus daoine óga chun bheith ina n-arm ríthábhachtach sa chogadh bolscaireachta idir an tOirthear agus an tIarthar.
Glúin na Muirthéachta
Idir Éadóchas agus Dóchas
Ba éí ráta ard dífhostaíochta i measc na n-óg faoi deara go ndearna scata díobh léann ní b’fhaide agus moill a dhéanamh le dul i dtíos. Bhí an seirfean ag dul i ngéire in Oirthear Eorpa freisin, mar a bhfacthas don ógra gur beag deis a bhí ann dul chun cinn a dhéanamh i saol ina raibh an cumannachas ag dul i léig. Bhíodh loinneog, .i.e. ‘Níl faic i ndán dúinn’, coitianta le cloisteáil i gceol na n-óg. Bhí an mharbhántacht eacnamaíoch, chultúrtha agus pholaitiúil ina spreagadh do sheánraí nua agus d’fhochultúir nua. Ba é ba chuspóir le punc, mar shampla, ná alltacht agus múisiam a chur ar dhaoine, agus bhí léargas le fáil ann ar shochaí agus ar dhóigh bheatha na linne fud fad na hEorpa.
I 1980 agus i 1981, bhí mar a bheadh maidhm ann agus agóidí sráide ar bun, suiteoireacht á déanamh i mbánáiteanna agus scliúchais fhoréigneacha ann leis na póilíní. Bhí daoine óga míshásta leis an gcóras reatha, ach ní raibh siad in ann córas eile a aimsiú.
Bhí an dífhostaíocht agus teannas ciníoch agus creidimh ina gcúis le caismirtí fuilteacha freisin, agus ba mhinic daoine óga rannpháirteach iontu.
San Oirthear, ba mhó ba chás le daoine óga an tsíocháin, an tsaoirse agus cearta an duine. Ráinigh go raibh siad, i bhfad na haimsire, ar thosach an tslua sa ghluaiseacht ar son an athchóirithe agus ar son neamhspleáchas an duine
I dtosach na n-ochtóidí, ba chosúil go raibh na hathruithe a gealladh le muirthéacht na collaíochta ar tí teacht chun fíoraithe. Mó sa mhó, bhí fáil ar fhrithghiniúint agus bhí níos mó smachta ag mná maidir le cinntí a bhain lena gcolainn. Bhí caidreamh collaí ag Eorpaigh óga le chéile níos luaithe sa saol agus roimh phósadh dóibh. Bhí fir óga agus mná óga níos toilteanaí glacadh le gnéas gan choinníoll. Tháinig an homaighnéasacht chun cinn níos mó sa saol. Measadh caidrimh chollaíochta a bheith neamhchasta. Le teacht SEIF ar an saol, áfach, tháinig athrú ó bhonn ar shaol daoine agus ar an meon i leith na collaíochta.
Ba iad gairmithe óga uirbeacha – suasóga – a ndeachaigh an cor chun feabhais sa gheilleagar sna 1980idí ‘chun sochair dóibh’, agus bhí rian na rathúlachta sin ar an uile ghné dá saol. Bhí an físeán ceoil, a bhí an-fhísiúil agus an-bhrabúsach, ina léiriú ar chultúr na hóige a bheith ag éirí níos idirnáisiúnta agus ar an ógra a bheith ag éirí níos airí ar a scéimh. I dtús na nóchaidí, as los soghluaiseacht san oideachas agus san fhostaíocht, agus, ina cheann sin, caighdeáin mhaireachtála a bheith ag dul i bhfeabhas agus scoilteacha sa pholaitíocht a bheith ag ceiliúradh, bhí cosúlacht daoine a raibh spéis acu i gcultúir eile agus a bhí forásach ar ógra na hEorpa.