
Léarscáil den domhan i dtíreolaíocht Ptolemy
An Iodáil, ca. 1454
Ioannis Rhosos
Lámhscríbhinn le léaráidí
Macasamhail
Biblioteca Nazionale Marciana, an Veinéis, an Iodáil
An Iodáil, ca. 1454
Ioannis Rhosos
Lámhscríbhinn le léaráidí
Macasamhail
Biblioteca Nazionale Marciana, an Veinéis, an Iodáil
Tugann na saothair a rinne tíreolaithe sa chianaois, ar nós Claudius Ptolemy (c.90-c.170 CR, nó Comh-Ré), sracfhéachaint dúinn ar an léargas a bhí acu ar an domhan ag an am. Ní léirítear ach codanna den Eoraip, den Áis agus den Afraic Thuaidh sna saothair sin. Bhain Ptolemy úsáid as córas comhordanáidí le suíomh a thabhairt d’áiteanna ar leith. Lean daoine de léarscáileanna Ptolemy a úsáid mar bhunús do chartagrafaíocht na hEorpa níos déanaí ná an 15ú hAois.