
Cur i láthair idirghníomhach ar na 4Rs
Cad a shábhálfaidh muid ón ngéarchéim dramhaíola? Réitigh eolaíocha cheannródaíocha, reachtaíocht forfheidhmithe, gluaiseachtaí friththomhaltais an phobail, nó gníomhaíochas aonair víreasach? Nó iad seo ar fad? Tá do thuairim uainn. Ag deireadh an taispeántais, iarrfar ar chuairteoirí a dtuairimí a thabhairt ar na 4Rs: Laghdú, Deisiú, Athúsáid agus Athchúrsáil.