
Ceardlann do scoileanna
Faightear léargas ó dhramhaíl. Tá dramhaíl i bhfolach. Tá dramhaíl i ngach áit! Cé hiad na hEorpaigh ón lá atá inniu ann agus san am atá thart a d’ardaigh a nguthanna chun a iarraidh ar a lucht comhaimsire a nósanna a bhaineann le táirgeadh dramhaíola a athrú? Cad iad na nithe a thug ar dhaoine tuairim an phobail a mhúscailt maidir le bruscar? Ón réabhlóid thionsclaíoch go dtí an lá atá inniu ann, spreagfaidh an cheardlann seo mic léinn chun na hathruithe móra ar an gcaoi ar dhéileáil muintir na hEorpa le bruscar sa stair a fhiosrú agus a phlé.