Back to top
Clóiséad talún Moule
An Ríocht Aontaithe, ca. 1875
Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil, an Bheilg
Grianghraf 2022 le Regular Studio, © AE, Parlaimint na hEorpa

Tháinig athrú ollmhór ar chultúr na tionsclaíochta sa 19ú haois. Mar sin féin, ba ghnáthchleachtas é gach rud a athúsáid agus a athphróiseáil. Acmhainn luachmhar a bhí sa tuar fiú. Ceapadh an ‘leithreas tirim’ seo mar mhalairt ar an gclóiséad uisce, a raibh ag éirí níos coitianta. Úsáideadh cré nó luaithreach chun an tuar a chlúdach sa bhuicéad tar éis é a úsáid. Bhí sé mar aidhm leis uisce a shábháil, truailliú aibhneacha a sheachaint agus tuar daonna a chaomhnú lena n-úsáid mar leasachán talmhaíochta.