Back to top
Mála droma frithfhaireachais a chuireann cosc ar rianú faisnéise ar fhóin agus ar shlischártaí - Tionscadal KOVR, An Ísiltír, 2020, Poileistear le copar agus nicil
© Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil, an Bheilg

Réabhlóid dhigiteach

Tá athrú ó bhonn á dhéanamh ag teicneolaíochtaí nua ar an gcaoi a mairimid, ar an gcaoi a ndéanaimid cumarsáid le chéile agus ar an gcaidreamh a bhíonn againn le chéile. Is mó nasc atá idir daoine ar fud an domhain anois, rud a chuireann go leor deiseanna ar fáil ach a dtagann bagairtí nua as ag an am céanna.

Meastar anois gurb iad sonraí an ‘ola nua’ agus, dá bharr sin, tá an príobháideachas digiteach anois ar cheann de dhúshláin mhóra ár linne. Trí eolas a bhailiú faoinár n-iompar, ár smaointe agus ár mianta, is féidir le cuideachtaí tionchar a imirt ar ár saol agus ar na cinntí a dhéanaimid. Tá uirlisí nua cumarsáide tar éis an bealach a réiteach anois d’fhaireachas forleathan agus do scaipeadh mear na bréagaisnéise.

I ngan fhios dúinn fiú, d‘fhéadfaí an bonn a bhaint den phróiseas daonlathach sa tsochaí ar fad agus d’fhéadfadh saoránaigh a saor-rogha a chailleadh.