Back to top
© Áras Stair na hEorpa, an Bheilg

Greanadh copair d’Amhrán Clabhsúir Ossian, le Johan Frederik Clemens - Cóbanhávan, 1787

Rinneadh uirlisí tábhachtacha polaitiúla den stair, den litríocht agus den ealaín chun féiniúlacht náisiúnta a chothú san Eoraip san 18ú haois agus sa 19ú haois. As an spreagadh ‘na bearnaí a líonadh’ rinneadh go leor brionnuithe. Rianaigh gach ‘fionnachtain’ stair náisiúin chomh fada siar agus is féidir agus fógraíodh ceannas a chultúir . Rinne ‘Hóiméar’ náisiúnta reacaireacht ar an-chuid díobh agus mhaígh siad gurb é cliabhán na sibhialtachta Ind-Eorpaí a bhí i gceist le náisiún ar leith. Fiú tar éis iad a nochtadh mar scéalta bréige, lean na scéalta sin de thionchar suntasach a bheith acu.