
© Fondazione Musei Civici di Venezia, an Iodáil
Ceann marmair an Impire Geta a raibh a aghaidh siséalta mar chuid den damnatio memoriae - An Impireacht Rómhánach, c. 200 A.D.
Ba é sméar mhullaigh d’impirí na Róimhe diacht a bhaint amach - a bheith diaga agus bithbheo. Os a choinne sin, ba é an pionós ba mheasa go scriosfaí duine as an stair ar fad. Ceapadh an téarma sa ré nua-aimseartha chun cur síos a dhéanamh ar an gcleachtas sin. Scriosadh na daoine a daoradh ó thaifid, cuireadh a n-uachtanna ar neamhní agus scriosadh a gcuid portráidí. I gcás Geta – a dúnmharaíodh ar orduithe a dhearthár agus a chomh-impire Caracalla – ba chion báis é fiú a ainm a lua.