Back to top
© Anand Chhabra, Wolverhampton. Bhí Anand ar dhuine de dheichniúr ealaíontóirí a fuair coimisiúnú ó Historic England.

Jenny Mclean ag cuimhneamh ar Nidiya

Tá garraithe scóir Boundary Way cúpla céad slat ón áit a bhfuil cónaí orm. Chuaigh mé ann inné agus casadh fear as Iamáice darb ainm Tony Mclean orm agus thosaíomar ag caint faoin tionscadal seo. Dúirt sé liom go raibh a bhean Jenny ag sochraid a dlúthcharad Nidiya a bhí tar éis bás a fháil de COVID-19 le déanaí. Labhair mé léi ar maidin agus dúirt sí go mbeadh sí sásta comhrá a bheith againn ag na garraithe scóir mar go bhfaigheann sí a lán sóláis ó bheith ansin. Ba bheag gur chaith sí aníos nuair a bhí sí ar shochraid Nidiya agus í ag cuimhneamh ar na 33 bliana a raibh siad mór le chéile. Is cosúil gurb iad daoine dubha agus daoine de bhunadh na hÁise is mó atá thíos leis an ngalar i gcathair Wolverhampton.