
Gúnaí cosanta a rinne oibrithe deonacha i Maidrid na Spáinne, Márta-Bealtaine 2020 © Susana Molinero, Maidrid
Bhí ganntanas gúnaí cosanta ina dhúshlán roimh lucht an leighis agus roimh ghairmithe eile ar nós cúramóirí i dtithe altranais. Thairg siad siúd a raibh na scileanna riachtanacha acu a gcúnamh agus ba mhinic leo cairn éadaigh den chineál sin a tháirgeadh.
I Maidrid, chuir grúpa oibrithe deonacha iad féin in eagar agus thosaigh siad ag fuáil gúnaí cosanta. Thug an-chuid daoine aonaracha, seanóirí go minic, a raibh meaisín fuála sa bhaile acu, cúnamh freisin. Rinneadar comhordú ar an obair agus scaip siad na gúnaí, le lógó croí orthu, ar ospidéil, ar stáisiúin phóilíneachta, ar chomhraiceoirí dóiteáin nó ar fhoirne riaracháin phoiblí.
Bronnta ar Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil.