Back to top

MISEAN AGUS FÍS

FÍS

Tá sé d’aidhm ag Áras Stair na hEorpa a bheith ina phríomh-mhúsaem maidir leis na feiniméin thrasnáisiúnta lenar múnlaíodh ár mór-roinn.


 Trí chiall a bhaint as an stair ó thaobh na hEorpa de, déanann sé ceangal idir  ár stair choiteann agus na léamha éagsúla uirthi agus cuireann sé i gcomparáid le chéile iad. Tá sé d’aidhm aige tús a chur leis an bhfoghlaim faoi na dearcthaí trasnáisiúnta ar fud na hEorpa.
 

RÁITEAS MISIN

Is fóram é Áras Stair na hEorpa le haghaidh foghlama, machnaimh agus díospóireachta, atá ar oscailt do dhaoine ó gach glúin agus cúlra.  Is é an príomh-mhisean atá againn ná feabhas a chur ar ár dtuiscint ar stair na hEorpa, in ainneoin a castachta, malartú smaointe a spreagadh agus tuairimí a cheistiú.

Cuireann an tÁras stair na hEorpa i láthair ar bhealach a ardaíonn feasacht ar éagsúlacht na ndearcthaí agus na léamha uirthi. Caomhnaíonn sé ár gcuimhní coiteanna agus na cuimhní a bhí ina gcúis deighilte eadrainn. Bailíonn sé agus cuireann sé ar taispeáint an stair a bhaineann le bunú agus lánpháirtiú na hEorpa.  Is tionscadal de chuid Pharlaimint na hEorpa é Áras Stair na hEorpa agus is cuid dá soláthar do chuairteoirí é. Tá an tÁras neamhspleách ó thaobh na hacadúlachta de.

Cuireann ár mbailiúchán trasnáisiúnta, ár dtaispeántais agus ár gcláir cuairt iontach nach mbeifí ag súil léi ar fáil. Tá sé mar aidhm againn, trí chláir for-rochtana agus trí chompháirtíochtaí, an ghné Eorpach den díospóireacht agus den fhoghlaim faoi stair na hEorpa agus den chaoi a chuirtear ar taispeáint í a neartú. Is áit é an tÁras chun bualadh le daoine agus tuairimí a mhalartú agus cruthaíonn léamh ilghnéitheach an Árais ar an stair nasc idir an t-am atá caite agus na ceisteanna atá ábhartha don Eoraip sa lá atá inniu ann.