Lá dár Saol: Cáipéisiú ar Covid
An phaindéim á cáipeisiú ar leibhéal uile-Eorpach
Go luath in 2020, chuir Áras Stair na hEorpa tús le tionscadal chun fianaise a bhailiú faoin saol san Eoraip le linn phaindéim COVID 19, ag díriú isteach ar iontais na dlúthpháirtíocha, an dóchais agus na tógála pobail. Léiríonn na dánlanna thíos raidhse rudaí atá cáipéisithe agus bronnta ar an mbailiúchán.
Tá rogha díobh ar taispeáint i ‘Seomra na bhFabhalscéalta’ san iarsmalann ó Mheitheamh go Nollaig 2020.
Meirgí bogha báistí: ´Beidh gach rud go breá´
San Iodáil, thosaigh daoine ag cruthú meirgí le bogha báistí agus an teachtaireacht dhóchasach seo orthu: ´Andrà tutto bene´ (Beidh gach rud go breá). Crochann siad óna bhfuinneoga is óna mbalcóiní iad, agus dearbhsmaointeoireacht á cur in iúl le chéile acu i leith cúrsa dúshlánach. Is ionainn iad seo agus an nath cainte Cantainise, ‘jiayou’, a chiallaíonn ‘ná héirigh as,’ is a chonacthas sa tSín, mar ar bhris an ráig amach i dtosach.
Scaip na meirgí bogha báistí trasna na hEorpa nó go raibh an fhoclaíocht a bhain leo ar an bhfoclaíocht ba mhó a samhlaíodh le paindéim an choróinvíris.
Bhí tiomsú airgid ar bun ag Lárionad um Thaighde agus Oiliúint na hOllscoile Thuaidh chun cuidiú leis an ospidéal contae in Baia Mare sa Rómáin. Bhailigh saorálaithe airgead le haghaidh 310 masc cosanta, maisithe leis an ngreamán seo, chomh maith le dhá aerálaí
Teorainneacha paindéime
Tugadh buille throm don tsaoirse gluaiseachta le linn na dianghlasála. Teorainneacha a bhí ligthe i ndearmad, cuireadh ar bun arís iad agus fágadh a lán Eorpach scartha óna dteaghlaigh. D’fhreagair muintir na mbailte teorann le cruthaitheacht, le saothair ealaíne agus le hagóidí ciúine i gcoinne an teorannaithe sin ar an tsaoirse gluaiseachta.
‘I lár mhí an Mhárta 2020, tháinig sconsa miotail ar an bhfód ag deighilt na faiche oscailte cois locha a bhíodh á chomhroinnt ag cathair Konstanz sa Ghearmáin agus Kreuzlingen san Eilbhéis. Níorbh fhada gur thosaigh agóid thostach i gcoinne dhúnadh na teorann. Thug an lucht eagraithe cuireadh d’éinne a ndearnadh difear dóibh nó a bhí ag iarraidh a bheith páirteach ar son na dlúthpháirtíochta, machnamh a dhéanamh ar rud éigin arbh fhéidir leo a thabhairt go dtí an sconsa: grianghraf, litir, glas, nó rud éigin cruthaitheach eile. Séard a bhí sa chuireadh ná ‘Beir leat rudaí dearfacha amháin. Ná bac dúshláin a thabhairt ná dramhaíl’.
Tharla gníomh uaidh féin ar an 20 Márta, 2020, trasna theorainn na Polainne agus na Seice. Cuireadh bac ar na gnáthnaisc droichead thar abhainn Olza idir cathair Ciesyn agus Český Těšín toisc rialuithe teorann. Mar fhreagairt air sin rinne grúpa áitritheoirí Polannacha agus Seiceacha meirgí ar dhá thaobh na habhann ag fógairt gur airigh siad uathu a chéile
Cearta bunúsacha faoi dhianghlasáil
Tharla teorannú ar chearta bunúsacha uaireanta de bharr na dianghlasála ar fud na hEorpa. Ach d’aimsigh daoine bealaí lena gcuid a rá.
In Aibreán 2020, sa Pholainn, bhíothas ar tí dlí a vótáil isteach lena bhfágfaí an ginmhilleadh agus an gnéasoideachas mídhleathach. Níorbh fhéidir na scáthanna báistí dubha a bhí ina siombail den chomhrac chun cearta na mban a chosaint sa Pholainn a thabhairt chun agóide. Ina ionad sin, ghlac lucht agóide a n-áit i scuaine ollmhargaidh - an t-aon spás poiblí a bhí ar fáil do dhrong daoine ag aon am amháin - agus na scáthanna báistí ar iompar acu. Ghléas léirsitheoirí eile a gcuid balcóiní agus fuinneog le scáthanna báistí dubha agus póstaeir. Ar deireadh, cuireadh siar an vótáil ar an dlí in aghaidh an ghinmhillte.
Bronnta ar Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil.
An fhreagairt chruthaitheach
Bhí baint nach beag ag an gcruthú ealaíne agus sásamh a bhaint aisti le linn na heachtra dianghlasála. Is iomaí mothúchán a chuir páistí agus daoine fásta in iúl tríd an líníocht, filíocht agus ceol. Thugadar cuntas ar a ngnáthshaol laethúil trí thionscadail scoile is staidéir. Cruthaíodh saothair ealaíne eile chun dul i dtacaíocht lena gcairde is lena muintir.
´Ceann de na torthaí is coitianta a bhaineann le tinneas Covid-19 ná gearranáil agus deacrachtaí análaithe, ach plúchadh gnéithe go leor eile den saol i ngeall ar an tinneas... Cuireadh cosc ar go leor de chearta ráthaithe bunreachtúla an duine i mórán tíortha Eorpacha le linn ghéarchéim an choróinvíris, rud ba chúis le plúchadh sóisialta i gcás na mílte saoránach.´ Anna Vasof
A choróinvíris, a choróinvíris, muid ag díghalrú linn,
thosaigh sé amach i bhfad uainn ins an tSín.
A choróinvíris, a choróinvíris, an domhan go léir ag guí,
faoi ghlas ins an tigh is ní féidir dhul ag spraoi.
A choróinvíris, a choróinvíris, dochtúirí ag obair go leor,
nach orainn atá an t-ádh,
b’fhearr linn iad ná ór!
A choróinvíris, a choróinvíris, níonn gach duine a lámha,
le bheith in ann croí isteach a thabhairt amach amárach.
Is ann don choróin ar bharr an víris toisc gur coróin an chiall atá le ´corona´ in Iodáilis.
Sara Roloff, bean Eilvéiseach a bhfuil cónaí uirthi i Londain, roinn sí a scéal faoin gcomhrac i gcoinne Covid-19 i bhfoirm logleabhar dialainne. Tharraing Leon (9) agus Felix (6), clann mhac cara Beilgeach le Sara, an pictiúr seo mar spreagadh di chun coinneáil uirthi ag troid. Baineadh feidhm as scéal Sara agus an pictiúr le chéile mar áis teagaisc chun an víreas a mhíniú do pháistí agus do dhaoine eile gur theastaigh uathu cabhrú le duine a bhí i ngleic leis an gcomhrac céanna agus a mbuairt a mhaolú.
Bronnta ar Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil.
Foireann leighis: na laochra nua
Ó fhíorthús phaindéim COVID19, tá oibrithe cúraim sláinte i mbrollach an chatha. In ospidéil, amhail earnáil na gcúramóirí i gcoitinne, is iomaí oibrí a thug a mbeatha ar son a bpoist, ba mhinic sin de bharr easpa trealaimh chosanta. Léirítear altraí agus dochtúirí ina sárlaochra nua ar ré seo ár ngéibhinn.
Sa Rómáin, tháinig gníomhaireacht chumarsáide ar an smaoineamh iad a léiriú mar Naoimh agus mar Dhéithe agus íocóin éagsúla chreidimh ina inspioráid acu (rud a chuir an ghoimh ar roinnt ceannairí reiligiúnacha).
Ach fiú dá mba laochra nó naoimh iad lucht an leighis, b’ábhar eagla agus mímhuiníne iad freisin. I gcuid mhaith tíortha Eorpacha tuairiscíodh sna meáin gníomhartha bagarthacha nó idirdhealaithe i leith foirne leighis, ag comharsana a raibh eagla orthu go ndéanfaidís an galar a tholgadh, mar shampla. Ar an dea-uair, ba mhinic léirithe tacaíochta agus dlúthpháirtíochta ina gcúiteamh ar na gníomhartha sin.
Bronnta ar Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil.
Ach fiú dá mba laochra nó naoimh iad lucht an leighis, b’ábhar eagla agus mímhuiníne iad freisin. I gcuid mhaith tíortha Eorpacha tuairiscíodh sna meáin gníomhartha bagarthacha nó idirdhealaithe i leith foirne leighis, ag comharsana a raibh eagla orthu go ndéanfaidís an galar a tholgadh, mar shampla. Ar an dea-uair, ba mhinic léirithe tacaíochta agus dlúthpháirtíochta ina gcúiteamh ar na gníomhartha sin.
Bronnta ar Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil.
Fiú más buíochas den chuid is mó a ghabh siad leo siúd a bhí ag tacú leo trí ghníomhaíochtaí éagsúla, rinne oibrithe leighis agóid freisin ar scála ollmhór ar fud na mór-roinne i gcoinne an easpa cosanta a d’fhág go raibh siad i mbaol an víris go mór.
Bronnta ar Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil.
An dlúthpháirtíocht i gCleachtas
Fanfaidh tús ghéarchéim COVID19 sa chuimhne toisc easpa ábhar cosantach, ní hamháin don phobal i gcoitinne ach d’oibrithe leighis freisin. Tharla cúrsaí drámatúla i mórán tíortha san Eoraip toisc easpa masc, cultacha agus trealamh eile cosanta. Ar fud na mór-roinne tá na héigeandálaí seo tar éis saoránaigh a spreagadh chun seasamh sa bhearna agus cúnamh a thabhairt ar bhonn deonach d’fhonn réitigh a thairiscint a luaithe agus is féidir.
Ar fud na mór-roinne, thug an ganntanas ábhar cosantach inspioráid do shaoránaigh. Nuair atá soláthairtí leighis gann, idir threalamh cosanta agus aerálaithe a shábhálann beatha daoine, tá daoine a bhfuil printéirí 3D acu ag seasamh sa bhearna chun leaganacha níos saoire agus níos tapúla a chruthú atá cheana féin ag tabhairt beatha daoine slán. Aimsigh roinnt samplaí den dlúthpháirtíocht, den tógáil pobail agus den chruthaitheacht i dtaobh déileáil leis an bpaindéim anseo.
Nuair a bhí soláthairtí leighis gann, thosaigh daoine ar fud na hEorpa a raibh printéirí 3D acu ag táirgeadh leaganacha níos saoire a seachadadh gan mhoill ansin chuig gairmithe leighis.
Tháinig an stiúideo dearaidh Bhulgáraigh, Love 2 Design, ar bord an tionscnaimh ´#ЗАДОБРОТО´ (#THEGOOD). Sa chás seo, tháirg daoine ar spéis leo printéirí 3D sciatha aghaidh-chosanta do lucht an leighis a bhí i mbrollach an chatha.
Bronnta ar Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil.
Bhí ganntanas gúnaí cosanta ina dhúshlán roimh lucht an leighis agus roimh ghairmithe eile ar nós cúramóirí i dtithe altranais. Thairg siad siúd a raibh na scileanna riachtanacha acu a gcúnamh agus ba mhinic leo cairn éadaigh den chineál sin a tháirgeadh.
I Maidrid, chuir grúpa oibrithe deonacha iad féin in eagar agus thosaigh siad ag fuáil gúnaí cosanta. Thug an-chuid daoine aonaracha, seanóirí go minic, a raibh meaisín fuála sa bhaile acu, cúnamh freisin. Rinneadar comhordú ar an obair agus scaip siad na gúnaí, le lógó croí orthu, ar ospidéil, ar stáisiúin phóilíneachta, ar chomhraiceoirí dóiteáin nó ar fhoirne riaracháin phoiblí.
Bronnta ar Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil.
Bhí ganntanas gúnaí cosanta ina dhúshlán roimh lucht an leighis agus roimh ghairmithe eile ar nós cúramóirí i dtithe altranais. Thairg siad siúd a raibh na scileanna riachtanacha acu a gcúnamh agus ba mhinic leo cairn éadaigh den chineál sin a tháirgeadh.
I Maidrid, chuir grúpa oibrithe deonacha iad féin in eagar agus thosaigh siad ag fuáil gúnaí cosanta. Thug an-chuid daoine aonaracha, seanóirí go minic, a raibh meaisín fuála sa bhaile acu, cúnamh freisin. Rinneadar comhordú ar an obair agus scaip siad na gúnaí, le lógó croí orthu, ar ospidéil, ar stáisiúin phóilíneachta, ar chomhraiceoirí dóiteáin nó ar fhoirne riaracháin phoiblí.
Bronnta ar Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil.
Bhí ganntanas mór ar mhaisc mhíochaine i ngach áit, in ainneoin an ghéarghá a bhí leo ag gairmithe a bhí ag obair le hothair COVID19 in ospidéil. I gcuid mhaith tíortha Eorpacha tharla uaidh féin, de mheon na dlúthpháirtíochta, gur thosaigh daoine as a stuaim féin ag cruthú masc as éadach sa bhaile dóibh féin agus le roinnt ar dhaoine eile chomh maith, cé nach raibh an fhianaise eolaíoch ar aon fhocal maidir lena bhfiúntas. Múineann gá seift agus d’fhorbair na tionscnóirí baile seo scagairí speisialta chun cur le hinúsáideacht na masc sin.
Le bronnadh ar Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil.
Pandemic Soundscapes
How did Europe sound during the coronavirus pandemic? What connects the lockdown experience across the continent? This sound composition created by Mara Maracinescu features 21 distinct recordings from 17 European countries, made between March and May 2020 during the first European COVID-19 lockdown.
The main purpose of the research and resulting composition was to trace the impact of the lockdown on European soundscapes: new rituals or types of gathering that appeared; changes in the ambient soundscape, due to lower traffic, or the amplified presence of the State’s voice, for example through loudspeakers.