Back to top

Trí lionsa...

Ar dtús, níl mórán i bpáirt ag sos cogaidh na Nollag i 1914 agus ag rudaí nach dtugtar faoi deara i músaeim. Ar ndóigh, is féidir an rud céanna a rá faoin Uileloscadh agus faoi theorainneacha na hEorpa. Mar sin féin, chuir na ceithre imeacht agus ábhar seo go bunúsach le múnlú na hEorpa agus a cuid sochaithe sa lá atá inniu ann. Is píosaí uile iad den phuzal céanna a bheidh á léiriú ag Áras Stair na hEorpa (HEH) dá chuairteoirí in 2022.

Le linn na bliana seo chugainn, thart ar gach dhá mhí, eagróidh an tÁras 7 n-imeacht foghlama ina ndéanfar iniúchadh ar ábhair éagsúla a bhfuil dlúthbhaint acu le stair na mór-roinne. Is é Trí Lionsa...” teideal na sraithe.

Tá tuilleadh eolais ar na hábhair a ndíreofar orthu i bhféilire an imeachta (thíos).

Na scéalaithe

Beidh finnéithe súl, staraithe, ealaíontóirí agus gníomhaithe ó réimsí éagsúla ag roinnt a gcuid scéalta agus dearcthaí sa tsraith. In éineacht leosan, déanfaidh rannpháirtithe na n-imeachtaí sin iniúchadh ar ábhair éagsúla maidir le laethanta speisialta, féilte nó comórthaí speisialta.

Bainfear úsáid as formáidí foghlama éagsúla amhail aoi-chainteanna, taispeántais dhigiteacha agus taifeadadh fianaise ó bhéal.

Lionsaí éagsúla mar ...

Cuirtear i láthair tuairimí éagsúla trí lionsaí éagsúla ag a bhfuil fócais éagsúla. Trí raon lionsaí a fheistiú ar an gceamara lena mbreathnaítear ar imeacht an ama, beidh na rannpháirtithe in ann na hamanna suimiúla i mborradh stair na hEorpa a thaifeadadh le peirspictíochtaí agus léargais úra.

Is í an aidhm atá ann ná comhchoimeádaí a dhéanamh de gach rannpháirtí agus freastalaí chun insint an mhúsaeim a shaibhriú. Cloisfear a nguth; urramófar a dtuairim. An rud is spreagúla, b’fhéidir, ná go bhféadfaí a scéalta pearsanta a fhí in insint Áras Stair na hEorpa.

Páirt a ghlacadh sna himeachtaí

Le linn ré shíorathraitheach Covid-19, tá oscailte ag an Áras gach modh teagmhála agus cumarsáide a d’fhéadfaí a oscailt. Le tacaíocht an bhonneagair dhigitigh nua, déanann an tÁras iarracht na teorainneacha idir an earnáil dhigiteach agus an ghné fhisiciúil a scriosadh. Tá gach imeacht hibrideach – is féidir iad a rochtain ar líne agus ar an láthair araon. Is cuma cén chaoi a roghnaíonn duine páirt a ghlacadh – cuairt a thabhairt ar an músaem go pearsanta nó ceangal a dhéanamh ó chompord an bhaile – cinnteoidh foireann an mhúsaeim go mbeidh rannpháirtíocht na rannpháirtithe go fiúntach fónta.

Scaipfidh an tÁras tuilleadh eolais ar a ardáin meán sóisialta. Ina theannta sin, seolfar leathanaigh ghréasáin na gclár aonair níos gaire do dhátaí na n-imeachtaí, ina mbeidh tuilleadh sonraí faoi ábhar agus faoi rannpháirtíocht.

 

  • 23 Eanáir 2022 Trí lionsa na ndaoine a tháinig slán ón Uileloscadh – CURTHA AR ATHLÁ
  • 19 Feabhra 2022 Nollaig sna trinsí trí lionsa na staraithe
  • 08 Bealtaine 2022 An Eoraip trí lionsa a saoránach óg
  • 04 Meitheamh 2022 Tríd an lionsa na leannán bródúil ó 1850
  • Deireadh Fómhair 2022 teorainneacha Eorpacha trí lionsa na dtaistealaithe
  • Samhain 2022 Réada dearmadta trí lionsa na dtóraithe taisce
  • Nollaig 2022 Cearta an Duine trí lionsa a dtacadóirí