Polaitíocht na Stát Aontaithe, Joe Biden agus Stair na hEorpa
Tar éis insealbhú Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, agus os cionn cúig bliana tar éis dó cuairt a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa, d’iarramar ar fhoireann Áras Stair na hEorpa cé mhéid a rannchuidigh an dá imeacht le Stair na hEorpa...
Cén chaoi a ndéantar iniúchadh ar na naisc dhomhain thrasatlantacha a ndearna an t-uachtarán toghaí, agus uachtarán ina dhiaidh sin, cur síos orthu ina aitheasc do Pharlaimint na hEorpa in 2010, i mbuantaispeántas Áras Stair na hEorpa?
Nuair a thug sé a aitheasc stairiúil do Pharlaimint na hEorpa in 2010, rinne Joseph R. Biden, a bhí ina Leas-Uachtarán ag an am, tús a chur lena ráiteas le sliocht as an dán, Easter 1916, leis an bhfile Éireannach agus Buaiteoir Dhuais Nobel, W.B. Yeats a aithris. Rinneadh na línte sin ina ndearbhaítear“all (is) changed, changed utterly, a terrible beauty is born” a scríobh tar éis an éirí amach ar son na saoirse a tharla i mBaile Átha Cliath an bhliain sin agus ina ndéantar cur síos ar conas is féidir le himeacht stairiúil a bheith ina chor chinniúnach agus athrú nach féidir dul siar air a dhéanamh ar an tírdhreach polaitiúil, ar dhealramh iompú do bhoise.
Le linn a óráide parlaimintí in 2010, agus an domhan fós ag dul i ngleic le hiarmhairtí marthanacha an Mhórchúlaithe Eacnamaíoch agus níos lú ná deich mbliana caite ó tharla ionsaithe 9/11, b’fhacthas do Joe Biden gurbh é sin uair na cinniúna don chaidreamh idir na Stáit Aontaithe agus an Eoraip. Tá sé spéisiúil, dá bhrí sin, go ndeachaigh an Leas-Uachtarán i muinín na staire agus i muinín mhacallaí na staire go forleathan ina aitheasc, agus cur síos á dhéanamh aige ar an gcaoi a ndearna oidhreacht chomhchoiteann agus córas comhroinnte luachanna araon an caidreamh idir an Eoraip agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a mhúnlú ag tráthanna sin an athraithe agus na círe tuathail. Chuir Biden clabhsúr ar a aitheasc le deimhniú gnaíúil, ar ghlac a lucht éisteachta leis go fonnmhar, a mhéid agus atá gá ag an Eoraip le Stáit Aontaithe atá rannpháirteach ar bhonn idirnáisiúnta, tá gá ag na Stáit Aontaithe le hEoraip atá láidir agus aontaithe.
In Áras Stair na hEorpa déanaimid iniúchadh ar na hidirghníomhaíochtaí stairiúla cinniúnacha sin idir na Stáit Aontaithe agus an Eoraip trí réada, íomhánna agus trí na hilmheáin. Ceann de na samplaí is luaithe sa bhuantaispeántas is ea an tionchar a bhí ag Réabhlóid Mheiriceá 1776, a bhí múnlaithe ag scríbhneoirí agus ag smaointeoirí na hEagnaíochta Eorpaí, ar réabhlóidí na hEorpa, go háirithe Réabhlóid 1789 na Fraince. Tugaimid léiriú freisin ar ollimirce na nEorpach go Meiriceá Thuaidh sa 19ú haois rud a raibh tionchar buan aige ar dhá thaobh an Atlantaigh, agus oidhreacht a ndearna Biden tagairt di ina óráid in 2010. Maidir leis an 20ú haois, déantar iniúchadh sa taispeántas ar na bealaí bunúsacha ina raibh tionchar ag idirghabháil Mheiriceá ar Eoraip a bhí scriosta ag cogadh. Léirítear rannpháirtíocht na Stát Aontaithe sa Chéad Chogadh Domhanda in 1917 agus an tionchar a bhí aige sin ar an ord idirnáisiúnta iarchoinbhleachta trí Chonarthaí Pháras. Déantar iniúchadh sa taispeántas freisin ar idirghabháil chinntitheach na Stát Aontaithe sa Dara Cogadh Domhanda agus ar an ról a bhí aige in atógáil na hEorpa agus i bpróiseas comhtháthaithe na hEorpa ina dhiaidh sin.
Mar atá léirithe, áfach, le himeachtaí ó 2020, go háirithe sna Stáit Aontaithe, tá an tuiscint a bhí againn ar an am atá caite ag athrú go gasta ionas gur féidir linn aghaidh a thabhairt ar tharluithe achrannacha inár stair chomhroinnte, tarluithe a chuirtí faoi cheilt roimhe seo. Ní bhíonn deireadh leis an stair riamh. An trádáil sclábhaithe thrasatlantach ón 17ú go dtí an 19ú haois, mar shampla, gníomh náireach agus trámach sa chaidreamh idir an Eoraip, an Afraic agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, nach raibh fós ar an bhfód ach a bheadh sa todhchaí. Is gníomh é, mar sin féin, nach foláir do mhúsaeim agus do staraithe aghaidh a thabhairt air.
In Áras Stair na hEorpa, déantar an ról bunúsach a bhí ag an sclábhaíocht mar chuid de stair na hEorpa mar aon leis an ábharthacht atá leis sin ar an saolta seo a léiriú sa chuid tosaigh den bhuantaispeántas ina ndéileáiltear le foraitheanta na hOidhreachta Eorpaí. Ina ghnéithe uile, dá bhrí sin, idir mhaith agus olc, tá an caidreamh dinimiciúil atá idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Eoraip ina chuid lárnach de stair na hEorpa. Gan amhras, de réir mar a thagann athrú agus forbairt ar an gcaidreamh sa todhchaí leanfar de thábhacht a scéil a léiriú freisin in Áras Stair na hEorpa.
Thug an tUachtarán tofa, Joe Biden, cuairt ar Pharlaimint na hEorpa i mí Feabhra 2015 mar Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe ag an am. An gnách le pearsana polaitiúla mór le rá cuairt a thabhairt ar institiúidí an Aontais Eorpaigh? Cén t-údar a bhíonn lena gcuairt agus cad iad na príomh-shaincheisteanna ó thaobh comhair de ar a ndíríonn siad?
Is follasach go dtéann an caidreamh atá idir na Stáit Aontaithe agus an Eoraip siar níos faide ná an Dara Cogadh Domhanda, ach ó tháinig deireadh leis an gcoinbhleacht dhomhanda sin, rinneadh an caidreamh trasatlantach a dhoimhniú i gcreat inar cuimsíodh an taidhleoireacht, an cultúr, cúrsaí eacnamaíocha, cúrsaí míleata, cúrsaí sóisialta, cúrsaí reachtacha agus go leor réimsí eile. Le bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus le himeacht aimsire, leis an méadú ar an tábhacht a bhaineann leis an ról atá ag AE sna réimsí sin i ndáil le beartas na Stát Aontaithe agus an beartas domhanda, ghlac Institiúidí AE ról lárnach mar Idirghabhálaí leis na Stáit Aontaithe.
Ó 1995 i leith, reáchtáladh 29 gcruinniú mullaigh idir AE agus na Stáit Aontaithe, ina ndearna an dá thaobh díospóireacht, idirphlé agus comhaontú i leith go leor saincheisteanna (taraifí, reachtaíocht phríobháideachta, cómhalartacht víosaí, conarthaí Idirnáisiúnta amhail socrú núicléach na hIaráine etc.). Faoi chuimsiú an chaidrimh chúng seo, tá na cuairteanna a thugann pearsana polaitiúla mór le rá ó na Stáit Aontaithe ar na hInstitiúidí thar a bheith coitianta, amhail an Leas-Uachtarán Biden in 2015, an Leas-Uachtarán Pence in 2017, ach go leor eile freisin ar nós Rúnaithe Stáit, toscaireachtaí Sheanad na Stát Aontaithe agus toscaireachtaí Chomhdháil na Stát Aontaithe.
Mar chuid de shraith léachtaí poiblí Áras Stair na hEorpa, tugadh cuireadh le déanaí don Ollamh, Timothy Snyder óráid a thabhairt ar ‘Cén tubaiste a tharla roimhe seo óna bhfaightear léargas ar an méid a d’fhéadfadh a bheith i ndán dúinn sa todhchaí’. Cén léargas ar féidir linn a fháil faoi stair chomhroinnte na Stát Aontaithe agus na hEorpa ó na ceangail agus ón gcaidreamh le staraithe Mheiriceá agus lena gcuid oibre. Cad iad na dearcthaí úrnua ar féidir leo a chur in iúl?
Díol spéise is ea cur chuige an Ollaimh Snyder, a mhéid is go ndéanann sé ról staraí Mheiriceá atá i mbun iniúchadh ar stair na hEorpa a léiriú ina léacht ar líne le hÁras Stair na hEorpa agus ar ócáidí eile, amhail an óráid a thug sé ar Lá na hEorpa 2019 i Vín, mar chaidreamh atá ar aon dul le ról sin an ‘an choimhthígh’ a bhíonn ag breathnú isteach go neamhchlaonta. Dá réir sin, is ionann an dearcadh atá aigesean agus ag acadóirí eile Mheiriceá i dtaobh na díospóireachta agus beachtaíocht oibiachtúil agus chuiditheach ar chuir chuige na hEorpa i leith an am atá caite a thuiscint agus a thabhairt chun cuimhne. Tá an teachtaireacht atá ag Snyder don Eoraip soiléir, ar teachtaireacht í atá ceiliúrthach agus forálach araon ag an am céanna. ‘Níl sibh taobh le bhur miotais amháin’ a dúirt sé in 2019.
Cé go bhfágtar le luachanna na hoscailteachta, an daonlathais agus na rannpháirtíochta idirnáisiúnta mar bhealaí chun difríochtaí a réiteach gurb í an Eoraip crann taca an dóchais do mhuintir an domhain, dar le Snyder, nach féidir an dóchas sin a fhíorú ach amháin trí thús áite a thabhairt do stair atá oibiachtúil agus comhroinnte seachas miotais stairiúla atá sólásach ach ar minic iad a bheith deighilteach. Ar aon fhocal le Synder tá an tOllamh, Jay Winter, a chomhghleacaí ó Ollscoil Yale, a labhair agus a bhí i láthair go pearsanta ag Áras Stair na hEorpa, sna laethanta roimh Covid i mí na Samhna 2019. Tugann an bheirt staraithe Mheiriceánacha seo, as measc go leor eile, tuiscintí uathúla dúinn ar stair na hEorpa, ar tuiscintí iad a raibh tionchar thar a bheith suntasach acu ar an obair a dhéanann Áras Stair na hEorpa ó thaobh na forbartha de agus ó osclaíodh na doirse den chéad uair riamh araon. Ós rud é gur tugadh an dá léacht sin nuair a bhí téarma uachtarán reatha Mheiriceá ag teannadh lena dheireadh bheadh sé spéisiúil léargas a fháil ar an léamh a bheidh ag staraithe na Stát Aontaithe agus na hEorpa ar na hathruithe polaitiúla sa todhchaí sna blianta amach romhainn. Ar cheann de na buntáistí, dá laghad iad, a bhain le géarchéim Covid is ea an t-aistriú chuig imeachtaí ar líne lena ligtear dúinn cuireadh a thabhairt ní hamháin do ghrúpa cainteoirí idirnáisiúnta níos ilghnéithí ach do lucht féachana idirnáisiúnta freisin freastal ar na himeachtaí, ó na Stáit Aontaithe agus níos faide i gcéin.
Conas a oibríonn Áras Stair na hEorpa le músaeim na Stát Aontaithe chun cabhrú le léiriú a thabhairt ar na naisc stairiúla atá idir na Stáit Aontaithe agus an Eoraip?
Déanta na fírinne, ní bheadh aon Áras Stair na hEorpa ann, gan ceangal trasatlantach. I dtús aimsire, bhí an foirgneamh ina bhfuil an músaem anois bunaithe, ár n-áras, mar chuid de líonra clinicí fiaclóireachta poiblí a bhí ar fud na hEorpa agus a bhunaigh daonchara agus ceannródaí grianghrafadóireachta Mheiriceá, George Eastman. Mar chuid dár luathshaothar agus muid i mbun taighde ar stair an fhoirgnimh agus fiosrú á dhéanamh againn ar conas é sin a chur san áireamh inár mbuantaispeántas d’oibríomar i gcomhar le Músaem George Eastman i dtuaisceart stát Nua Eabhrac.
Príomhgheallsealbhóir Meiriceánach eile d’Áras Stair na hEorpa ab ea Músaem Cuimhneacháin Uileloscadh na Stát Aontaithe in Washington DC. Ní hamháin gur bhaineamar tairbhe as cuairteanna agus comhairliúcháin le foireann shinsearach an mhúsaeim ach tá go leor grianghraf agus ábhar ó bhailiúchán USHMM curtha ar taispeáint ag an mbuantaispeántas freisin, ó d’osclaíomar na doirse in 2017. Bhí sé d’onóir freisin ag ár gcomhghleacaithe sa Pharlamentarium taispeántas sealadach a óstáil ón músaem seo; Staid na Cealgaireachta Cumhacht Bholscaireacht na Naitsithe, a bhí ar siúl go luath in 2018.
Mar sin féin, tá comhoibriú a raibh súil againn uile go mbainfí amach nach ndearnadh a fhíorú fós. Mar shampla, bhí uainn go mór oibriú le hArd-Mhúsaem na hEisimirce atá lonnaithe ar Oileán Ellis i gCuan Nua-Eabhrac, dár mbuantaispeántas ach rinneadh damáiste mór dá seomraí stórais agus níorbh fhéidir dul ina ngaire le linn thuilte Hairicín Sandy in 2012, rud a d’fhág nárbh fhéidir iasachtaí idirnáisiúnta a chur i gcrích. Is cinnte gur músaem é atá le cur san áireamh do thionscadail amach anseo, ós gur ionad iontach cuimhneacháin atá ann ó thaobh na bpointí teagmhála de atá idir an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh.
Rinneadh iniúchadh freisin ar thionchar Mheiriceá san Eoraip inár dtaispeántais shealadacha. Mar shampla sa taispeántas An Óige Mhíshuaimhneach, Ag Éirí Aníos san Eoraip, 1945 go dtí Anois, a bhí ar siúl le linn 2019/20, léiríomar a thábhachtaí agus a bhí cultúr Mheiriceá, go háirithe cultúr na hóige, do na hEorpaigh óga tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus conas a tháinig sé chun bheith mar chineál chultúr tagartha agus ina shiombail d’idéil na saoirse pearsanta a thrasnaigh na deighiltí polaitiúla ar an mór-roinn. Go deimhin, tháinig teideal an taispeántais féin, An Óige Mhíshuaimhneach, ó thuarascáil a chuir an C.I.A. i dtoll a chéile don Uachtarán, Lyndon Johnson, maidir le taom agóidí idirnáisiúnta na n-óg a bhí ag tarlú go flúirseach ar fud an domhain in 1968.
Idir an dá linn, tagraítear do roinnt d’uachtaráin na Stát Aontaithe sa bhuantaispeántas, go háirithe i ngeall ar an ról a bhí acu i dtaca leis an ord idirnáisiúnta nua a mhúnlú tar éis suaitheadh agus coinbhleachtaí cinniúnacha stairiúla; eadhon, na hUachtaráin, Woodrow Wilson, tar éis an Dara Cogadh Domhanda, Franklin Delano Roosevelt, tar éis an Dara Cogadh Domhanda, agus George H.W. Bush, tar éis thitim Bhalla Bheirlín agus thitim an chumannachais. Tá an Leas-Uachtarán, Richard Nixon, le feiceáil freisin sa taifeadadh cáiliúil ‘díospóireacht na cistine’ ó 1959, agus é i mbun cainte go díreach le Príomh-Aire APSS, Nikita Khrushchev, i Moscó agus cosaint á déanamh aige ar luachanna chaipitleachas Mheiriceá os comhair lucht féachana teilifíse idirnáisiúnta!
I bhfianaise scála na ndúshlán domhanda ag deireadh 2020, lena n-áirítear an t-athrú aeráide, an méadú ar an deighilt pholaitiúil agus ar chásanna foircneacha, agus éifeachtaí na paindéime domhanda, dealraítear arís go bhfuil an caidreamh idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe ag uair na cinniúna, amhail mar a chonacthas do Joe Biden in 2010. Is beag amhras atá ann, dá bhrí sin, ach go mbeidh fiosrú á dhéanamh agus míniú á thabhairt ag músaeim faoi cheann 20 bliain ar gníomhartha agus cinntí uachtaráin na Stát Aontaithe atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo trína dtaispeántais bhuana agus shealadacha. Táimid go huile dóchasach, gur go fabhrach a thabharfaidh lucht na staire a mbreithiúnas ar na gníomhartha sin.
Teideal creidiúna an íomhá: © An tAontas Eorpach 2012 - PE