Dan Perjovschi: idirphlé idir líníochtaí agus póstaeir
Rinneadh oscailt thaispeántas sealadach Áras Stair na hEorpa ‘When Walls Talk!’ [Nuair a Labhraíonn na Ballaí!] a cheiliúradh i mí Aibreáin 2022 agus an t-ealaíontóir Dan Perjovschi i láthair, ealaíontóir a bhfuil cáil idirnáisiúnta air. Chuir sé saothar ealaíne go díreach ar bhallaí an mhúsaeim ar a sainstíl féin.
D’fhill Dan Perjovschi ar an músaem freisin ar an dara huair i mí Iúil chun a chuid líníochtaí a chríochnú agus chun léacht ad hoc a thabhairt do na cuairteoirí. Chaith sé uaireanta fada ag caint leis an lucht éisteachta agus ag tabhairt míniú ar an saol a bhí cruthaithe aige ina chuid líníochtaí.
I ndiaidh dó dul siar ar théamaí an taispeántais póstaer agus é a thabhairt ar camchuairt go pearsanta, thosaigh Dan Perjovschi, arb ealaíontóir é atá ar son na hEorpa ach freisin a mbaineann gné chriticiúil shóisialta, pholaitiúil agus eacnamaíoch lena gcuid saothar, ag tarraingt íomhánna géarchúiseacha, éirimiúla, agus ábhar machnaimh iontu, agus iad i mbun idirphlé leis na póstaeir sa taispeántas.
Léiríonn na híomhánna sa ghailearaí meán thíos an nasc in am agus i spás idir póstaeir stairiúla agus líníochtaí iarbhír ón ealaíontóir.