Back to top

Cén chaoi a gcruthaímid féilire na dTuras Lóin?

Le Pieterjan Van Langenhove, Bainisteoir Tionscadal, Foireann na Foghlama

Bliain Nua Faoi Mhaise dár gcuairteoirí uile! Chun tús a chur le 2023, cuirimid i láthair go bródúil ár bhféilire nua Turas Lóin, ina leagtar amach na topaicí ar féidir foghlaim fúthu le linn ár dturais sciobtha sheachtainiúla sa mhúsaem.

Céard atá i gceist le Turais Lóin?

Gach Máirt ó 12:15 - 13:00, bíonn deis ag cuairteoirí teacht linn ar thuras 45 nóiméad saor in aisce, arna reáchtáil ag comhalta den fhoireann foghlama, ar fud an taispeántais sa mhúsaem. Cuirtear téama nua i láthair gach seachtain, ionas go mbeidh fionnachtana nua ann i gcónaí.

Tugann an Turas Lóin blaiseadh den scoth ar a bhfuil ar siúl ag an músaem - is bealach sciobtha é chun tochailt sna téamaí éagsúla agus breis a fhoghlaim faoin stair, a bhaineann leis na hócáidí móra a oiread is a bhaineann sí leatsa agus liomsa: nuair a dhéanaimid an t-ábhar a phlé lenár gcuairteoirí le linn turais, sin an uair a chuirtear beocht san ábhar don uile dhuine.

Stair na dTuras Lóin

Thosaigh na Turais Lóin amach mar chlár neamhfhoirmiúil in Áras Stair na hEorpa in 2018. Is mar thurais ghinearálta sa mhúsaem a cuireadh tús leo, ach ó 2019 i leith chinn an fhoireann ar fhéilire de thopaicí sonracha a fhorbairt ina ionad sin. Níorbh fhada go raibh na Turais Lóin ina ngné spraíúil agus uathúil den tairiscint ón músaem.

Tar éis briseadh gearr le linn COVID, d’fhill na Turais Lóin ar an músaem arís i mí an Mhárta 2022 - iad níos mó agus níos fearr ná ariamh!

Tugann topaicí seachtainiúla deis do chuairteoirí na scéalta difriúla a bhíonn á n-insint sa mhúsaem a fhiosrú, agus súil a chaitheamh ar réada a bhaineann leo agus a chuirtear i láthair chun cabhrú leis an insint.

Fiosraímid téama nua gach mí agus topaic ghaolmhar in aghaidh na seachtaine. Dá réir sin bíonn 12 théama agus 52 thopaic le pleanáil againn: tógann sé tamall coincheap an fhéilire agus cruthú an fhéilire a fhorbairt, agus cuirtear tús leis an bpleanáil chomh fada siar le mí Mheán Fómhair.

Cén chaoi a gcruthaítear féilire na dTuras Lóin?

Chun tús a chur leis an bpróiseas, déanann an fhoireann Foghlama agus Ócáidí na himeachtaí cinnte don bhliain a chur san áireamh.

Mar shampla, i mbliana, fáiltímid roimh ár dTaispeántas Neamhbhuan ‘Caith amach é’ [‘Throwaway’] i lár mhí Feabhra.

Theastaigh uainn dátaí comórtha sonracha i stair na hEorpa a bheith san áireamh freisin, amhail an 75ú bliain den Chomhdháil Eorpach. Ós rud é gur garsprioc thábhachtach í don Phróiseas Comhtháthaithe san Eoraip, theastaigh uainn an dáta sin a chur san fhéilire.

Déantar dátaí comórthaí bliantúla eile agus ócáidí athfhillteacha a mhapáil freisin.

Nuair a bhíonn na dátaí sonracha sin leagtha amach, breathnaímid ar an ionchur ónár gcuairteoirí. Tar éis gach Turais Lóin, líonann ár gcuairteoirí suirbhé ionas go mbeimid in ann an clár a fheabhsú gach bliain, bunaithe ar an aiseolas uathusan. Sa cheist dheireanach ar an suirbhé fiafraítear cé na topaicí ar mhaith le cuairteoirí a bheith á gclúdach. Is foinse inspioráide iontach é an t-ionchur sin!

Tríd an aiseolas sin, fuaireamar go raibh cuid mhór dár gcuairteoirí ag iarraidh a thuilleadh a chloisteáil faoin Úcráin, agus faoi thopaicí eile freisin amhail LGBTQ+, topaicí inscne agus comhshaoil.

Agus mar fhocal scoir, déanaimid athbhreithniú ar fhéilire na bliana roimhe, féachaint céard a d’oibrigh go maith agus céard ab fhiú a chuimsiú ann arís.

Sin dáiríre an túsphointe don phróiseas cruthaíoch! Cuirimid na topaicí uile le chéile agus déanaimid clár míosúil díobh a mbeidh cuma chomhleanúnach air - topaici éadroma agus níos casta gach re seal, de réir mar is féidir.

Is bealach an-mhaith iad na Turais Lóin don chuairteoir tosaigh chun aithne a chur ar an músaem agus rud éigin a fhoghlaim faoi thopaic ar leith ar bhealach neamhfhoirmiúil, spraíúil agus spéisiúil.

“Bhí sé ar fheabhas a bheith in ann foghlaim faoi Stair na hEorpa ar bhealach spraíúil! Go raibh maith agaibh as é a eagrú, molaim go hard é!”   - cuairteoir ar Thuras Lóin le deireanas

Táimid ag tnúth le fáiltiú roimh ár gcuairteoirí uile chuig na Turais Lóin in 2023!

Breathnaigh na téamaí seachtainiúla do 2023

Fíricí gasta faoi na Turais Lóin

  • Gach Máirt
  • 12:15 – 13:00
  • Béarla
  • Saor in aisce
  • Ní gá clárú
  • Buailimis le chéile san fhorsheomra
  • Tá an Músaem lán-inrochtana