Back to top

FOILSEACHÁIN

Tá Áras Stair na hEorpa tiomanta d’eolas ar stair na hEorpa a scaipeadh agus do phlé a chothú i measc an phobail ar an síorthionchar a imríonn an t-am atá thart ar shaol an lae inniu.

Leis na foilseacháin seo is féidir le cuairteoirí léargas níos leithne a fháil ar an saol laethúil sa mhúsaem, ar a fhealsúnacht agus ar a bhfuil ann. Dá réir sin, cuirtear le heispéireas an mhúsaeim roimh an gcuairt agus ina diaidh.

Sa chuid seo is féidir leat cíoradh a dhéanamh ar bhunús an bhuantaispeántais trí thagairt do phríomhfhorbairtí i stair na hEorpa. Tugtar míniú ar nithe is díol suntais sna taispeántais i gcuntais mhionsonraithe agus in aistí léannta. 

Cuirimid réimse páipéar ar fáil freisin ina bhfuil díospóireachtaí a nglacaimid páirt iontu agus anailís ar thopaicí a bhaineann le hÁras Stair na hEorpa.

 

ARTICLES IN EXTERNAL PUBLICATIONS
Ag taispeáint 1 - 12 na 12 ar fad
Book cover Hans-Gert Pottering

Tugann an bheathaisnéis chuimsitheach ‘Ein Europäisches Gewissen’ (Coinsias Eorpach) leis na húdair Michael Gehler agus Marcus Gonschor, le brollach ó Donald Tusk, aird ar mhionsonraí, ag soláthar portráid den scoth de Hans-Gert Pöttering, iar-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa (PE) agus tionscnóir thionscadal Áras Stair na hEorpa.Léigh tuilleadh

Cad é áit na seanimsearthachta in Áras Stair na hEorpa? Déanann an rannchuidiú seo anailís ar fhís na seanimsearthachta arna cur i láthair ag Áras Stair na hEorpa, músaem de stair na hEorpa a bhunaigh Parlaimint na hEorpa agus atá suite sa Bhruiséil. Ó seoladh an tionscadal in 2011, is duine de na coimeádaithe é an t-údar a d’oibrigh ar...Léigh tuilleadh

Cover of Bien Symboliques journal

Is músaem de stair na hEorpa é Áras Stair na hEorpa, a bhunaigh agus a riarann Parlaimint na hEorpa agus a osclaíodh sa Bhruiséil i mBealtaine 2017. Cad iad na dúshláin atá roimh an institiúid músaeim áirithe seo?Léigh tuilleadh

Making HIstories cover - colonial images

An 4 Bealtaine 2017, d’oscail Áras Stair na hEorpa (HEH) a dhoirse don phobal i gcroílár an cheantair Eorpaigh sa Bhruiséil. Scríobhadh cuid mhór cheana féin chun cur síos a dhéanamh ar an músaem seo atá tiomnaithe do stair na hEorpa agus faoi na dúshláin iomadúla a bhí agus atá roimhe. Maidir leis an músaem, níl aon rud foilsithe fós,...Léigh tuilleadh

People walking past rememberance names

Osclaíodh Áras Stair na hEorpa sa Bhruiséil in 2017. Glactar cur chuige trasnáisiúnta ann maidir le stair na hEorpa agus san insint ina leith cuirtear i láthair an Chéad Chogadh Domhanda mar choinbhleacht a d’athraigh stair na hEorpa ina dhiaidh sin agus is cuid bhunúsach de chuimhne na hEorpa é, cé go mbreathnaítear ar an gcuimhne sin ó roinnt...Léigh tuilleadh

Ós rud é go bhfuil cumhachtaí á bhfáil de réir a chéile ag Parlaimint na hEorpa (PE) le blianta beaga anuas, tá níos mó castachta ag baint leis an institiúid agus táthar ag lorg níos mó dlisteanachta ina leith. Bhí bainistiú na faisnéise ríthábhachtach don dá cheann, agus í ag dul dhá threo: speisialtóireacht na gcoistí agus an fhor-rochtain phoiblí...Léigh tuilleadh

Cover of Museums and Identity ICOM publication

‘Músaem leathnaithe’ – is é sin an rud is féidir a thabhairt ar Áras Stair na hEorpa ar bhealaí éagsúla. Pléifidh an t-alt seo trí phríomhsmaoineamh a bhaineann leis an ábhar sin. Ar an gcéad dul síos, conas is féidir cur síos a dhéanamh ar chineál Eorpach an mhúsaeim seo? Ar an dara dul síos, cén chaoi a bhfuil sé...Léigh tuilleadh

Cover image man holding child on shoulders looking at statue

Tionscnamh de chuid Pharlaimint na hEorpa, Áras Stair na hEorpa a tionscnaíodh sa Bhruiséil an 4 Bealtaine, 2017, is smaoineamh comhaimseartha é ar mhúsaem mar “áit na cuimhne agus na todhchaí”, a bhí beartaithe do lucht féachana leathan.Léigh tuilleadh

Front cover European Commemoration book

Déanann Andrea Mork, Príomhchoimeádaí Áras Stair na hEorpa, iniúchadh ina halt, ar an mbonn teoiriciúil, ar na mórsmaointe agus ar na príomhtheachtaireachtaí stairiúla a bhí cinntitheach maidir le buantaispeántas an mhúsaeim nua.  Léigh tuilleadh

Front cover European Consciousness book

Cuireann Taja Vovk van Gaal, Ceannaire Acadúil Tionscadail Áras Stair na hEorpa leis an leabhar seo le caibidil ina sonraítear conas a tháining an músaem ar an bhfód.Léigh tuilleadh

Autobiography cover Hans-Gert Pöttering

Is é sin dírbheathaisnéis Hans-Gert Pottering, iar-uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus tionscnóir thionscadal Áras Stair na hEorpa, a foilsíodh den chéad uair i mBéarla. Scéal pearsanta agus scéal is ea é ar thuras na hEorpa amach as anord agus fuath an Dara Cogadh Domhanda agus ar an deighilt iarchogaidh idir an tOirthear agus an tIarthar.Léigh tuilleadh

Front cover Past Power book

Ina chaibidil, déanann Martí Grau Segú, Ball den Fhoireann Tionscadail Acadúil ag Áras Stair na hEorpa, iniúchadh ar “stair na hEorpa” mar scéal a fheabhsaíonn ról an aontais idir daoine agus sochaithe Eorpacha, ina dtugtar brí do smaoineamh na hEorpa mar réad stairiúil arna shainiú le gnéithe coitianta agus ní mar láthair gheografach.Léigh tuilleadh