Back to top

Saol Mhuintir na hEorpa a Mhúnlú, Ansin agus Anois

Kieran Burns
Páipéar
17 Noll 2019
10 leathanach

Osclaíodh Áras Stair na hEorpa sa Bhruiséil in 2017. Glactar cur chuige trasnáisiúnta ann maidir le stair na hEorpa agus san insint ina leith cuirtear i láthair an Chéad Chogadh Domhanda mar choinbhleacht a d’athraigh stair na hEorpa ina dhiaidh sin agus is cuid bhunúsach de chuimhne na hEorpa é, cé go mbreathnaítear ar an gcuimhne sin ó roinnt dearcthaí éagsúla. Is é is aidhm d’Áras Stair na hEorpa an tionchar ollmhór marthanach seo a chur in iúl trí chur chuige músaemeolaíoch a ghlacadh a théann níos faide ná na srianta traidisiúnta sa mhúsaem náisiúnta agus sa mhúsaem míleata, agus a chuireann béim ar leith ar thionchar na coinbhleachta seo ar shaol ghnáth-Eorpach.

Ar fáil i ngach formáid agus teanga
CUR SÍOS

Glactar cur chuige crona-téamach in Áras Stair na hEorpa le haghaidh struchtúr a bhuantaispeántais. Sa chreat sin, tosaíonn príomhshnáth an scéil le deireadh an ochtú haois déag agus déileálann sé le forbairtí móra an naoú haois déag, le holltubaistí an chéad leath den fhichiú haois, agus leis an atógáil iarchogaidh, leis an deighilt pholaitiúil agus le hathaontú na hEorpa. Leanann sé ar aghaidh go dtí aois an domhandaithe agus an mhór-lánpháirtithe Eorpaigh, agus go dtí imeachtaí comhaimseartha ar nós Brexit.

Íomhá chumhdaigh © Guillaume Baviere 2015