FOILSEACHÁIN
Tá Áras Stair na hEorpa tiomanta d’eolas ar stair na hEorpa a scaipeadh agus do phlé a chothú i measc an phobail ar an síorthionchar a imríonn an t-am atá thart ar shaol an lae inniu.
Leis na foilseacháin seo is féidir le cuairteoirí léargas níos leithne a fháil ar an saol laethúil sa mhúsaem, ar a fhealsúnacht agus ar a bhfuil ann. Dá réir sin, cuirtear le heispéireas an mhúsaeim roimh an gcuairt agus ina diaidh.
Sa chuid seo is féidir leat cíoradh a dhéanamh ar bhunús an bhuantaispeántais trí thagairt do phríomhfhorbairtí i stair na hEorpa. Tugtar míniú ar nithe is díol suntais sna taispeántais i gcuntais mhionsonraithe agus in aistí léannta.
Cuirimid réimse páipéar ar fáil freisin ina bhfuil díospóireachtaí a nglacaimid páirt iontu agus anailís ar thopaicí a bhaineann le hÁras Stair na hEorpa.