Back to top

FIONNACHTAIN

Is áit do chách é Áras Stair na hEorpa. Tugann sé eolas, ceistíonn sé dearcthaí agus tugann sé ábhar machnaimh. Ach anuas air sin ar fad, tugann sé an deis duitse ceisteanna a chur. Ár gcuid gailearaithe taispeántais, na gairis léirmhínithe, na spásanna teagmhálacha, na cláir agus na himeachtaí, tá siad ceaptha ar shlí chun gur féidir leat díriú isteach ar ghnéithe de stair na hEorpa ag cibé leibhéal is mian leat féin. Is dearcadh tras-Eorpach atá i gceist leis an deis foghlama sa mhúsaem ina ndéantar iniúchadh ar na cuimhní stairiúla, ar na rudaí éagsúla a bhain de dhaoine agus ar an ní atá i gcoiteann ag pobail na hEorpa agus ar an gceangal atá acu sin leis an lá atá inniu ann.

Is gné ríthábhachtach de chuid gníomhaíochtaí an mhúsaeim é an obair a dhéanann siad in éineacht le grúpaí agus pobail éagsúla. An aidhm atá againn ná teagmháil a dhéanamh le daoine iontacha ó chian agus ó chóngar trí shainchuairteanna agus trí chláir ar leith. Ná bíodh aon drogall ort d’iarrataí sonracha a sheoladh chugainn agus déanfaimid ár ndícheall rochtain ar an músaem a éascú duit.

TEAGHLAIGH

Faigh amach céard atá ar fáil do do theaghlach sa mhúsaem. Tá cláir againn do leanaí atá in aois 8-12 agus don dream atá ina bhfeighil.

FOR-ROCHTAIN

Féach na tionscadail atá againn do phobail ar leith agus do dhream atá deacair le rochtain ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.