Back to top

Cuimhní ar an Iarnróid

Gníomh bailithe uile-Eorpach ar líne maidir le heispéiris mhúnlaitheacha iarnróid ar fud na mór-roinne

Sa bhliain 2021, déanaimid ceiliúradh ar Bhliain Eorpach na nIarnród. Déanfaidh clár EUROPALIA “Traenacha & Ráillí Iarnróid” plé ar thionchar na traenach ó thaobh gnéithe ealaíne agus sochaíocha de. Chun cur leis an gclár EUROPALIA Traenacha agus Ráillí Iarnróid, tá Áras Stair na hEorpa ag cruthú bailiúchán uile-Eorpach ar líne de scéalta pearsanta faoi thaisteal traenach mar eispéireas coiteann múnlaitheach Eorpach. Déanfaidh siad sin nasc agus comparáid idir eispéiris choiteanna ó cheann ceann na mór-roinne, aibhseoidh siad an iliomad gnéithe maidir le gluaiseacht, soghluaisteacht agus an ghné Eorpach sa díospóireacht ar ról stairiúil agus comhaimseartha na dtraenacha san Eoraip.

An mbeifeá in ann fístaifeadadh gearr a chur ar fáil ar an ábhar seo? Léigh an cúlra, na ceisteanna agus na sonraíochtaí teicniúla.

Sraith agallamh le baill foirne an mhúsaem

Interview series by the museum team II