Back to top

Féilire 2023 na dturas am lóin

IMEACHTAÍ ATÁ LE TEACHT
21 Már 2023 (12:15 - 13:00)
28 Már 2023 (12:15 - 13:00)
4 Aib 2023 (12:15 - 13:00)
Cineál Imeachta: 
Turais
Event Category: 
Our Events
Lucht féachana agus éisteachta: 
Daoine Fásta, Daoine amach sna Déaga agus i dtús na bhFichidí
Teanga an Imeachta: 
English

Teanga: Béarla

Gach Máirt 12.15 - 13.00

FEABHRA                       GRÁ GRÁ SÍOCHÁN SÍOCHÁN

Is é an grá a spreagann an domhain! Tá go leor giuirléidí agus scéalta áille in Áras Stair na hEorpa. Tar anseo agus faigh amach fúthu agus tit i ngrá leis an stair. 

7 Feabhra                      An Lá chun Cárta a sheoladh chuig Cara. Cén uair dheireanach a sheol tú cárta chuig cara? Tar linn agus aimsigh scéal suimiúil ónár mbailiúchán le roinnt le daoine eile, mar inniu ‘An Lá chun Cárta a sheoladh chuig Cara’!

14 Feabhra                    Lá Fhéile Vailintín Is áit fhoirfe é an músaem le haghaidh coinne rómánsúil! Cuir ionadh ar do Vailintín le turas agus faighigí amach faoi go leor scéalta grá inár mbailiúchán!

21 Feabhra                    An breá leat do theanga dúchais? Grá mo chroí thú, Je t’aime, Ich liebe dich, Rakastan sinua, Σ' αγαπώ, ... Tar anseo agus roinn an grá atá agat do do theanga dhúchais ar ‘Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha’!

28 Feabhra                    Is breá linn an Úcráin!  Tá Beagnach bliain caite ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin. Tar agus foghlaim faoin Úcráin le linn an turais speisialta ag am lóin - tiomnaithe ar ár gcairde san Úcráin.

MÁRTA                           Caith amach é

Tar anseo agus féach ar ár dtaispeántas sealadach úrnua: ‘Caith amach é’ Buail leis an bhfoireann sa chúlra agus féach ar thoipicí na dramhaíle ar fud stair na hEorpa. Ní caitheamh amach ama gan mhaith a bheidh ann !

7 Márta                          Buail leis an gcoimeádaí. Breathnaigh ar ár dtaispeántas sealadach nua agus tapaigh an deis ceist a chur ar dhuine dár gcoimeádaithe faoin gcaoi ar cuireadh an taispeántas ar bun

14 Márta                        Buail leis an gcoimeádaí. Breathnaigh ar ár dtaispeántas sealadach nua agus tapaigh an deis ceist a chur ar dhuine dár gcoimeádaithe faoin gcaoi ar cuireadh an taispeántas ar bun

21 Márta                        Buail leis an gcoimeádaí. Breathnaigh ar ár dtaispeántas sealadach nua agus tapaigh an deis ceist a chur ar dhuine dár gcoimeádaithe faoin gcaoi ar cuireadh an taispeántas ar bun

28 Márta                        Buail leis an oideoir. Féach ar ár dtaispeántas sealadach nua ó pheirspictíocht eile. Cuir ceist ar na hoideoirí faoi conas a d’fhorbair siad an líon mór gnéithe idirghníomhacha agus foghlamtha atá sa taispeántas.

AIBREÁN                                      Fíorscéal nó Fabhalscéal

Bíodh an t-eolas cruinn againn! Ach cé a shocraíonn cad is eolas cruinn ann? Cuir ort do hata criticiúil agus cuir ceist ar an domhain mórthimpeall ort - nó ar an músaem fiú!

4 Aibreán                       Fíorscéal nó Fabhalscéal? Uaireanta ní léir an difríocht eatarthu. Téimis thart ar an taispeántas agus siúlaimis ar feadh na líne doiléire idir fíorscéal agus fabhalscéal.

11 Aibreán                    Bolscaireacht- uirlis a úsáidtear ar fud na staire ionas go mothóidh daoine ar bhealach áirithe nó go gcreidfidh siad smaointe áirithe. Féach ar roinnt samplaí stairiúla den bholscaireacht agus déan comparáid idir iad siúd agus samplaí ó nuacht an lae inniu.

18 Aibreán                    Miotaseolaíocht. Foghlaim níos mó faoi scéalta iontacha na ndéithe, faoi charachtair mhiotasacha agus faoi conas a d’imir na scéalta seo tionchar ar go leor daoine i gcumhacht. An seanscéalta leamha iad? Nó an bhfuil siad fós ábhartha inniu? Déan do chinneadh.

25 Aibreán                    Steiréitíopaí & claontachtaí. Tum isteach i stair na steiréitíopaí san Eoraip agus faigh amach conas is féidir leo tionchar, bíodh sé dearfach nó diúltach, a imirt ar an mbealach a smaoinímid. An dóigh leat gur féidir linn a bheith ann gan chlaonadh?

BEALTAINE                                  Níl aon rud inchurtha leis an Aontas

Is galántA É an AE, ach níl a fhios AigE (sin an fáth ar galántA É)!  Faigh amach níos mó faoin Aontas Eorpach maraon le cláir agus imeachtaí a nascann tíortha na hEorpa le chéile.

2 Bealtaine                    Áras Stair na hEorpa - Lá breithe sona dúinn! Is é ár gcuimhneachán 6 bliana atá ann an mhí seo! Cad as ar tháinig an músaem faoi Stair na hEorpa? Agus cad iad na príomhdhúshláin atá romhainn inniu? Bí linn agus faigh amach faoi sin.

9 Bealtaine                    Lá na hEorpa. Inniu tá Lá na hEorpa ann go hoifigiúil! Is inniu a dhéantar Dearbhú stairiúil Schuman a cheiliúradh. Tar anall chun foghlaim níos mó mar gheall ar AE, a chuid siombal agus a chuid ‘ailtirí’.

16 Bealtaine                 Eurovision. Cén t-amhrán Eurovision a fhanfaidh leat go dtí deireadh na bliana? Bí linn agus foghlaim faoi thábhacht an cheoil i stair na hEorpa. Bronnfar ár dhá phointe dhéag ar...

23 Bealtaine                 Erasmus. An raibh a fhios agat gur rugadh thart ar 1 mhilliún ‘babaí Erasmus’ ó cuireadh tús leis an gclár in 1987? Bí ar an turas agus faigh amach tuilleadh faoin dtionscadal Erasmus agus a stair suimiúil.

30 Bealtaine                 Ó dhuaiseanna go géarchéim? Is i mbliana a bheidh cuimhneachán 75 bliana Chomhdháil na Háige ar siúl! Léim ar aghaidh go 2012, bronnadh Duais Nobel na Síochána ar AE mar aitheantas ar an tsíocháin, ar an athmhuintearas agus ar an daonlathas. An mbeadh sé incháilithe fós inniu? Féachaimis ar AE ar fud na staire - na duaiseanna a bronnadh air, na géarchéimeanna a bhí roimhe agus conas a a chuaigh siad i ngleic leo.

MEITHEAMH                              Troid ar son do cheart!

Tá an-dul chun cinn déanta againn chun cearta an lae inniu a bhaint amach. Ach tá go leor oibre fós le déanamh! Ceiliúraimid 75 bliana ó ghlacc Comhthionól f Ginearálta na Náisiún Aontaithe Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine. Bí linn chun fáil amach faoi stair roinnt dár gcearta, conas a fuaireamar iad agus an fáth ar fiú troid ar a son.

6 Meitheamh                LGBTQ+Déanaimis ceiliúradh ar a bhfuil bainte amach ag an ngluaiseacht LGBTIQA! Ar an turas seo díreoimid ar thréimhse thábhachtach sa stair inár dtaispeántas agus foghlaimeoimid níos mó faoi. B’fhéidir go bhfuil tuilleadh scéalta agat?

13 Meitheamh             Cearta an linbh. Ar aon dul leis ‘An Lá Domhanda i gcoinne Saothar Leanaí’, féachfaimid ar chearta an linbh ar fud stair na hEorpa.

20 Meitheamh             Cearta Imirceach. Inniu ‘Lá Domhanda na nDídeanaithe’. Faigh amach faoi imircigh ar fud an domhain a bhíonn ag teitheadh ó chásanna an-deacair agus faoin gcaoi ina bhfuil siad nasctha le stair na hEorpa.

27 Meitheamh             Cearta na mban. ‘Herstory’ na hEorpa. Foghlaim faoi na scéalta móra agus na scéalta beaga a réitigh an bealach do chearta na mban ar fud stair na hEorpa.

IUIL                                  A chroí, táimid ag dul ar saoire!

Tá na laethanta saoire anseo faoi dheireadh! Bímis cinnte go bhfuil gach rud pacáilte againn! Is féidir le hAras Stair na hEorpa cabhrú le do sheicliosta.

4 Iúil                                Léarscáileanna. Ag dul chuig tír nua nó cathair nua? B’fhéidir go mbeadh léarscáil ag teastáil uait chun taisteal thart. Féachaimid ar na léarscáileanna ar fud fad an mhúsaeim. Is féidir linn i bhfad níos mó a fhoghlaim ó léarscáileanna ná ó dhul ó phointe A go pointe B.

11 Iúil                              Pasanna agus teorainneacha. Rud ar bith le dearbhú agat? Faigh amach faoin stair a bhaineann le teorainneacha crua agus boga agus cén ról atá acu i rith na bliana.

18 Iúil                              Iompar. Anois táimid réidh le himeacht! Ach conas a bhainfidh tú amach do cheann scríbe? Traein, eitleán, carr, rothar? Féach thart ar stair an iompair agus b’fhéidir go gcabhródh sé leat cinneadh a dhéanamh.

25 Iúil                              Earraí cuimhneacháin. An dtugann tú bronntanais ar ais fós chuig do chuid agus do chairde? Cruinneog shneachta nó sócamas traidisiúnta? Cad iad na cuimhneacháin atá ar fáil inár mbailiúcháin agus cad is féidir leo a insint dúinn?

LUNASA                         Samhradh ildaite

Tá an samhradh linn! Tá an ghrian go hard sa spéir agus éiríonn ár dtimpeallacht níos éadroime le dathanna geala. Breathnóimis ar dhathanna seo an tsamhraidh ar fud an mhúsaeim!

1 Lúnasa                         Glas Dath na nduilleog pailm a thugann scáth ón ngrian. Faigh amach faoi chuid de na rudaí glasa inár mbailiúchán agus caith rud éigin glas ort!

8 Lúnasa                         Buí. Dath na gréine, nó ón smutáin anainn i do mhanglam sa samhradh. Faigh amach faoi na giúrléidí buí inár mbailiúchán agus caith rud éigin buí ort!

15 Lúnasa                      NIL AON TURAS AG AM LOIN AR SIÚL

22 Lúnasa                      Dearg. Sin dath do chraicinn má chaitheann tú an iomarca ama sa ghrian. Faigh amach faoi roinnt dár gcuid giuirléidí dearga sa bhailiúcháin, agus is ea, caith rud éigin dearg ort!

29 Lúnasa                      Gorm. Sin dath na mara agus b’fhéidir dath do ghiúmair, mar tá deireadh ag teacht leis na laethanta saoire. Faigh amach faoi roinnt dár ngiuirléidí gorma inár mbailiúchán agus caith rud éigin gorm!

MEAN FOMHAIR                       Tíortha nach bhfuil ann a thuilleadh

Tagann na tíortha agus imíonn siad. Caithfimis súil níos géire ar thíortha a d’fhéadfadh a bheith (go páirteach) suite ar mhór-roinn na hEorpa nach ann dóibh a thuilleadh.

5 Meán Fómhair          An Ostair- an Ungáir Rachaimis siar san am chun foghlaim faoin Impireacht Ostra-Ungárach agus an ról a d’imir sí i stair na hEorpa.

12 Meán Fómhair        Impireacht na nOtamánach Rachaimis siar san am chun foghlaim faoi Impireacht na nOtamánach agus an ról a d’imir sí i stair na hEorpa.

19 Meán Fómhair        An Iúgslaiv Rachaimis siar san am chun foghlaim faoin Iúgslaiv agus an ról a d’imir sí i stair na hEorpa.

26 Meán Fómhair        APSS Rachaimis siar san am chun foghlaim faoin APSS agus an ról a d’imir sé i stair na hEorpa.

DEIREADH FOMHAIR                Ceiliúradh ar na hEalaíona

Tagann an téarma músaem ó theach na mBéithe, déithe na healaíne, ó thaobh na sanasaíochta de. Tar linn agus déan ceiliúradh ar na cineálacha éagsúla ealaíon atá le fáil inár mbailiúchán.

3 Deireadh Fómhair    Na hAmharc-Ealaíona Ailtireacht, criadóireacht, líníocht, scannánóireacht, péinteáil, grianghrafadóireacht agus dealbhóireacht. Bí linn don fhéasta súl ina bhfuil píosaí fíoráille ónár mbailiúchán.

10 Deireadh Fómhair Na Taibh-Ealaíona. Bí ag damhsa chuig an músaem agus foghlaim tuilleadh faoi shamplaí de damhsa, de cheol agus d’amharclaíocht na hEorpa inár mbailiúchán!

17 Deireadh Fómhair Na hEalaíona Cócaireachta. Pléimis na hoidis is fearr agus faighimis amach cén áit ar féidir linn teacht ar na comhábhair. Inniu féachaimid inár gcistin Eorpach agus ar cheird na cócaireachta!

24 Deireadh Fómhair Na hEalaíona Liteartha. Cén dán is fearr leat? An bhfuil sé ar eolas agat de ghlanmheabhair? Tar linn agus faigh amach faoi thábhacht litríocht na hEorpa inár músaem.

31 Deireadh Fómhair Na hEalaíona Feidhmeacha. Uaireanta is ionann úsáideach agus gleoite. Féach ar roinnt samplaí de na healaíona feidhmeacha agus faigh amach faoi na giuirléidí iontacha inár músaem. Leantóirí deartha chun tosaigh sa scuaine!

SAMHAIN                      An Eoraip agus ár gcomharsana

Dia dhaoibh a chomharsana! Caithfimis súil níos géire ar an gcaidreamh agus ra an stair a roinnimid lenár gcomh-ilchríocha. Féachfaimid ar an Eoraip ó pheirspictíocht eile agus breathóimid ar na caidrimh atá ann inniu.

7 Samhain                     An Afraic Rachaimis ó dheas. Cad iad na naisc atá againn inniu le roinn na hAfraice agus cén chaoi a bhfuilimid ag dul i gleic lenár stair chomhroinnte?

14 Samhain                   An Áis Soir a rachaimis. Cad iad na naisc atá againn inniu le roinn na hÁise agus cén chaoi a bhfuilimid ag dul i gleic lenár stair chomhroinnte?

21 Samhain                   Críocha Mheiriceá Siar a rachaimis! Cad iad na naisc atá againn inniu le mór-roinn Mheiriceá Thuaidh agus Mheiriceá Theas agus cén chaoi a bhfuilimid ag dul i gleic lenár stair chomhroinnte?

28 Samhain                   Spás Suas linn! An raibh a fhios agat gur Europa a thugtar ar cheann de ghealacha Iúpatair?  

Féachaimid ar an mór-roinn thuas agus faighimid amach faoi stair shuimiúil na spástaiscéalaíochta.

NOLLAIG                        Nollaig Pheacúil  

I gcás go leor Eorpaigh, is ionann an Nollaig agus teacht le chéile chun boird le cairde agus teaghlaigh. Déanaimis ár machnamh ar shaol na bhfuíoll agus na díobhála i stair na hEorpa.

5 Nollaig                        Saol na bhfuíoll Roll amach an cairpéad dearg, oscail an Champagne & tabhair amach an caibheár! Don turas ag am lóin seo táimid ag breathnú ar shaol na bhfuíoll i stair na hEorpa.

12 Nollaig                      Saol na díobhála Tá stair na hEorpa lán de thréimhsí suaimhneacha agus de thréimhsí díobhála. Seasaimid go fóill i láthair na dtréimhsí ganntanais agus na ngiuirléidí a insíonn a scéal dúinn inár músaem. 

19 Nollaig                      Súil siar ar 2023 Cad iad cuid de na huaireanta a bhuaileamar agus na huaireanta a bualadh muid in 2023? Is mithid machnamh a dhéanamh ar an mbliain agus ár n-aird thabhairt ar stair agus cúlra na n-imeachtaí reatha san Eoraip.

26 Nollaig                      NIL AON TURAS AG AM LOIN AR SIUL