Back to top

CEISTEANNA COITIANTA

Nithe praiticiúla

An féidir liom Áras Stair na hEorpa a chur in áirithe do m’imeacht?

Ní féidir Áras Stair na hEorpa a fháil ar cíos go príobháideach mar ionad. Bíonn imeachtaí ar siúl sa mhúsaem le comhpháirtithe ar leith a bhíonn ag plé le téamaí uile-Eorpacha a leagtar amach i misean agus i dtaispeántais an mhúsaeim, amhail stair nua-aimseartha na hEorpa, an chuimhne chomhroinnte, agus stair na hEorpa i gcuraclaim scoile. Más mian leat fiosrú faoi imeacht arna óstáil ag comhpháirtí, téigh i dteagmháil lenár bhfoireann imeachtaí níos mó ná trí mhí roimh dháta beartaithe d'imeachta. Tabhair faoi deara go bhfaighimid líon mór iarratas, agus d’fhéadfadh moill roinnt seachtainí a bheith ann sula bhfaighidh tú freagra. Ina theannta sin, tabhair faoi deara go dtugtar tús áite do chláir Áras Stair na hEorpa féin.

Cad é an uimhir ghutháin?

+32 2 283 1220

Cad é seoladh poist Áras Stair na hEorpa?

House of European History, European Parliament, Rue Wiertz 60, 1047 Brussels.

Cá mhéad atá ar chead isteach?

Tá saorchead isteach ann.

 

An bhfuil áit ann a bhféadfainn mo rothar a fhágáil?

Níl aon raca rothar ná raca rothar faoi dhíon taobh amuigh d’Áras Stair na hEorpa i láthair na huaire.

Cá fhad a thógann cuairt ar Áras Stair na hEorpa?

Thart ar 90 nóiméad.

An gceadaítear málaí droma, buidéil uisce, agus sneaiceanna sa mhúsaem?

Ní cheadaítear málaí droma, bia ná deochanna a thabhairt isteach i hallaí an taispeántais, agus is cóir iad a stóráil sna taisceadáin.

An bhfuil aois íosta i gceist i gcomhair leanaí?

Molaimid go mbeadh sé bliana d’aois slánaithe ag na leanaí a thugann cuairt ar an músaem. D’fhéadfadh sé go mbeadh tuismitheoirí den tuairim nach bhfuil gnéithe áirithe den bhuantaispeántas oiriúnach ach do leanaí atá os cionn 11 bhliain d’aois.

Cad iad na treoirlínte do pháistí agus do ghrúpaí scoile agus iad ar cuairt sa mhúsaem?

1. Caithfidh duine fásta a bheith in éineacht le gach páiste faoi bhun 14 bliana d’aois agus beidh an duine fásta sin freagrach as na páistí sin ar fud a gcuairte ar Áras Stair na hEorpa.

2. I ngrúpaí scoile nó i ngrúpaí páistí caithfidh aon duine fásta ar a laghad a bheith ann in aghaidh:

- gach cúigear páistí faoi bhun 6 bliana d’aois nó gach cúigear páistí i ranganna réamhscoile;

- gach deichniur páistí idir 6 agus 14 bliana d’aois;

- gach cúig dhálta dhéag atá 14 bliain d’aois nó níos mó.

3. Caithfidh na daoine atá in éineacht leis na páistí fanacht ina ngrúpaí ar fud na cuairte.

4. Aon pháistí nach féidir teacht ar an duine fásta a bhí in éineacht leo, tabharfaidh duine d’fhoireann Áras Stair na hEorpa chuig an oifig fáiltithe iad agus cuirfear fógra amach ag iarraidh ar an duine fásta sin iad a bhailiú.

5. Ní ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa aon fhreagracht as timpistí a bhainfidh do pháistí gan duine fásta ina mbun.

An gceadaítear grianghrafadóireacht sa mhúsaem?

Ceadaítear seatanna leathanuilleacha sa mhúsaem, ach amháin sa bhealach isteach agus sna limistéir slándála. Déantar réada agus cásanna taispeántais áirithe a mharcáil leis na siombailí ‘gan aon ghrianghraif’ mar gheall ar chritéir chaomhnaithe nó chóipchirt ón músaem iasachta. Ní cheadaítear splanc-ghrianghrafadóireacht. Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhféadfadh sé go mbeadh gá le creidmheas cóipchirt a áireamh chun íomhánna de réada a athfhoilsiú lena n-úsáid chun críoch gairmiúil. Iarraimid ort teagmháil a dhéanamh linn tríd an seoladh ríomhphoist seo chun tuilleadh eolais a fháil: historia-press@europarl.europa.eu

Saoráidí

An bhfuil saoráidí friothála ar naíonáin ann?

Tá saoráidí friothála ar naíonáin sa láthair fáilte ag an mbealach isteach ar urlár na talún.

An bhfuil rochtain ag naíchóistí agus pramanna ann?

Tá, tríd an mbealach isteach ar urlár na talún.

Cad iad na tacaíochtaí atá ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas?

Tá ár saoráidí agus ár ngníomhaíochtaí uile inrochtana go hiomlán dóibh siúd a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus a bhfuil riachtanais speisialta acu, lena n-áirítear úsáideoirí cathaoireacha rothaí. Ar mhaithe le cuairteoirí lagéisteachta, is féidir breathnú ar fhotheidil nó ar chur síos i scríbhinn ar insint na scannán ar na táibléid a chuirtear ar fáil.

An féidir leat cathaoireacha rothaí a chur ar fáil?

Tá dhá chathaoir rothaí againn san áitreamh ar féidir iad a fháil ar iasacht – déan teagmháil linn tríd an bhfoirm theagmhála chun ceann acu a chur in áirithe. Moltar duit do chathaoir rothaí féin a thabhairt leat, áfach, mar bíonn an-éileamh orthu.

Tar éis do Chuairte

Cén chaoi ar féidir liom teagmháil a dhéanamh le Seirbhís na nEarraí Caillte sa Mhúsaem?

Úsáid ár bhfoirm theagmhála le fiosrú faoi earraí caillte.

An féidir liom earraí atá á ndíol ag an Músaem a cheannach ar líne?

Ní féidir earraí atá á ndíol ag an Músaem a cheannach ach sa mhúsaem féin.

Cén chaoi ar féidir liom an nuacht is déanaí ón Músaem a fháil?

Is féidir leat teacht ar an scéala is déanaí faoin músaem ar leathanach ‘I bhFócas’ ar an suíomh gréasáin, chomh maith lenár gcuntais ar Facebook agus ar Twitter.

Suíomh gréasáin agus na meáin shóisialta

Tá rud éigin ar an suíomh gréasáin nach bhfuil ag obair i gceart nó tháinig mé ar nasc nach n-oibríonn i gceart. Cén chaoi ar féidir liom duine éigin a chur ar an eolas faoi sin?
Conas is féidir liom cead a iarraidh chun scannánú laistigh den mhúsaem?
  • Téigh i dteagmháil le foireann cumarsáide an mhúsaeim níos mó ná coicís roimh do dháta scannánaithe, chun dul tríd an bpróiseas riachtanach. Tabhair faoi deara nach gceadaítear scannánú ach i spásanna áirithe den mhúsaem, do ghairmithe sna meáin nó do ghairmithe oideachais amháin, nuair nach mbíonn sé ag teacht salach ar ghníomhaíochtaí eile an mhúsaeim, agus i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:
  • Tabhair faoi deara nach féidir scannánú agus grianghrafadóireacht a dhéanamh ach amháin ar bhealach neamhfheiceálach, nach gcuireann bac ar chuairteoirí eile, ná nach dtaifeadann íomhánna dá n-aghaidh.
  • Mar gheall ar chúinsí sonracha cóipchirt agus caomhantais, is fearr seatanna leathanuilleacha, seachas seatanna gar-amhairc ar réada aonair.
  • Ní féidir grianghraf a thógáil de thart ar 15 réad sa bhuantaispeántas ná iad a scannánú – tá greamán ‘ná glactar grianghraf’ marcáilte orthu – cuirfear liosta díobh seo ar fáil roimh ré.
  • Ba cheart foirm cheada scannánaithe a bhaineann le cóipcheart réad a chomhlánú roimh an scannánú. Is féidir í seo a fháil ó fhoireann cumarsáide an mhúsaeim.
  • Tá cosc ar scannánú a dhéanamh ar na limistéir shlándála ag an mbealach isteach.
  • Maidir le trealamh agus foirne: ná húsáid splanc-ghrianghrafadóireacht nó soilse seachtracha in áiteanna áirithe; ná ceangal le soláthair cumhachta.
  • Is fearr nach dtugtar isteach ach íosmhéid trealaimh, agus níl trealamh breise ar fáil ar iasacht ón músaem.
  • Ba cheart a bheith fíorchúramach agus trealamh scannánaithe á bhogadh, ionas nach ndéantar teagmháil le troscán an mhúsaeim, taispeántais ná réada, ná nach bhfágtar lorg ar an urlár.
  • Níor cheart ach daoine bunriachtanacha a bheith i bhfoirne scannánaithe.
  • Go hidéalach, ba cheart go mbeadh an fad an scannánaithe níos lú ná nócha nóiméad; sonraigh na láithreacha beachta atá uait roimh ré.

Ceisteanna faoi chúrsaí oideachais agus foghlama

Cén áit ar féidir liom eolas a fháil ar ghníomhaíochtaí oideachais agus acmhainní foghlama in Áras Stair na hEorpa?

Féach an chuid ar leith ‘Ceisteanna Coitianta d’Oideoirí’.

Grúpchuairteanna

Cén fáth a gcaithfidh mé grúpáirithint a dhéanamh nuair is 10 nduine nó níos mó a bheidh ann?

Ní mór é sin a dhéanamh de bharr na rialachán sábháilteachta. Mura ndéanfaí áirithint, d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar ghrúpaí deichniúir fanacht go dtí go mbeadh dóthain spáis sa mhúsaem.

Cén chaoi ar féidir liom deimhniú i scríbhinn a fháil ar m’áirithint?

Gheobhaidh tú deimhniú tríd an ríomhphost.

Cá fhad a thógann grúpchuairt?

Thart ar 90 nóiméad.

An bhfuil turais fuaime ar fáil?

Tabharfar táibléad idirghníomhach i 24 theanga do chuairteoirí nuair a shroichfidh siad an Músaem, rud a chuirfidh inneachar fuaime, téacs agus físe ar fáil dóibh faoin mBuantaispeántas. Is féidir gnéithe speisialta do pháistí agus do dhaltaí a chur ar gach táibléad agus tá bogearraí fuaime feabhsaithe ann do chuairteoirí a bhfuil riachtanais speisialta éisteachta acu chomh maith. Níl aon treoir fuaime ar fáil i dtaca leis an Taispeántas Sealadach, ach tá bileog eolais agus catalóg (a bhfuil costas i gceist léi) ar fáil.

An bhféadfaidh eagraíocht áirithint a dhéanamh le haghaidh amanna éagsúla sa sceideal?

Bí ar an eolas, áfach, nach bhféadfaidh aon eagraíocht aonair áirithint a dhéanamh le haghaidh amanna éagsula sa sceideal le linn seachtain amháin. Más mian leat amanna éagsula sa sceideal a chur in áirithint, déan teagmháil linn, le do thoil, chun do chuid riachtanas a shoiléiriú maidir leis sin.

Taispeántais agus a bhfuil iontu

Cad iad na deiseanna taighde atá ar fáil ag an Músaem?

Níl aon saoráidí taighde againn faoi láthair. D’fhéadfadh sé go gcuirfí deiseanna taighde ar fáil trí chomhpháirtíochtaí agus trí cheardlanna amach anseo, áfach.

Cén chaoi ar féidir liom na cearta a fháil le híomhá a úsáid le haghaidh leabhair, meáin nó chun críocha tráchtála eile?

Is le páirtithe seachtracha an cóipcheart ar fhormhór na n-íomhánna. Bheadh ort teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an sealbhóir cóipchirt.

Cé chomh fada a bheidh an Taispeántas Sealadach ar siúl?

Bíonn Taispeántais Shealadacha ar siúl ar feadh thart ar bhliain.

Intéirneacht

Cén chaoi ar féidir liom iarratas a dhéanamh ar intéirneacht in Áras Stair na hEorpa?