MÓR-ROINN ROINNTE A ATÓGÁIL
Tháinig tírdhreach polaitiúil nua chun cinn ó luaithreach an chogaidh, tírdhreach a bhí á dheighilt ag Cuirtín Iarainn. Cuireadh smaoineamh an lánpháirtithe Eorpaigh i bhfeidhm, ach an mbeadh borradh air?
ATÓGÁIL NA HEORPA
1945 - tá an Eoraip cloíte, agus ceal bia, breosla agus tithíochta ar a pobal. Tá géarghá le straitéisí marthanais, agus leanann an chiondáil bia de dheasca cogaidh ar aghaidh chun freastal ar na riachtanais bhunúsacha ar a laghad. Is ann do na milliúin idir dhídeanaithe, dheoraithe agus daoine easáitithe, agus dídean á lorg acu uile. Tá an Eoraip ag brath, den chuid is mó, ar chúnamh ón saol mór amuigh.
Atarraingíodh teorainneacha agus aistríodh grúpaí de phobail iomlána leis an lámh láidir. Ghlac Comhghuaillithe an Iarthair le haistriú siar theorainneacha na Polainne agus le smacht an Aontais Shóivéadaigh ar na stáit Bhaltacha. Rinneadh athruithe eile ar na teorainneacha san Iodáil, sa Rómáin, san Ungáir agus sa tSeicslóvaic. Deighleadh an Ghearmáin agus an Ostair ina limistéir forghabhála.
AN COGADH FUAR
Nuair a thit buamaí adamhacha anuas ar an tSeapáin i 1945, fógraíodh na Stáit Aontaithe mar chumhacht nua dhomhanda.
I 1949, shroich an tAontas Sóivéadach an stádas céanna trína bhuama adamhach féin a fhorbairt.
Idir 1945 agus 1949 d’oscail bearna mhór idir na hiarchumhachtaí Comhghuaillithe ar gach ceist idirnáisiúnta, bhí SAM, an Bhreatain Mhór agus an Fhrainc ar thaobh amháin agus an tAontas Sóivéadach ar an taobh eile. Tháinig difríochtaí móra idé-eolaíocha chun cinn idir daonlathais liobrálacha an Iarthair agus cumannachas an Oirthir, a mhéadaigh an seans go dtarlódh cogadh domhanda nua.
Tairgeadh cistí Phlean Marshall d’fhormhór thíortha Iarthar agus Oirthear na hEorpa, ach d’ordaigh an tAontas Sóivéadach rialtais i dtíortha faoina thionchar diúltú don tairiscint, rud a chuir le leathnú na scoilte ilchríochaí. Nuair a chríochnaigh an Plean, bhí na tíortha faighteora uile tar éis a leibhéil eacnamaíochta réamhchogaidh a shárú.
Bhí bloic an Iarthair agus an Oirthir tiomanta a samhail ar leith den tsochaí a chur i láthair níos fearr ná a chéile. Chloígh an tOirthear, a bhraith ar gheilleagar státphleanáilte agus riail páirtí amháin, leis an idé-eolaíocht Chumannach in áit an Chaipitleachais. Cuireadh na tréithe eacnamaíocha agus polaitiúla i láthair mar chéim idirmheánach chun sochaí gan aicme agus gan stát.
SLÁNDÁIL SÓISIALTA A CHRUTHÚ
Thosaigh an saol ag dul i bhfeabhas go mór d’fhormhór na ndaoine ar fud na hEorpa sna 1950idí agus sna 1960idí. D’fhág fás eacnamaíoch agus tabhairt isteach an stáit leasa go raibh tithíocht níos fearr ann, mar aon le hoideachas, cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta feabhsaithe.
In Iarthar na hEorpa, tharla pleanáil phoiblí ag an am céanna le hathchóiriú na hearnála príobháidí. Taobh istigh den réimse Cumannach, bhí geilleagair phleanáilte agus stát-eagraithe i gceannas ar na hacmhainní náisiúnta go léir agus chuiridís isteach nuair ba mhian leo ar shaol laethúil na saoránach. Níorbh fhéidir dul amú ar na difríochtaí a bhí idir geilleagair mhargaidh agus geilleagair stáit.
Earra samplach den tréimhse seo is ea an chathaoir phlaisteach i gcruth S a rinne dearthóir Danmhargach Verner Panton Bhí fonn ar dhearthóirí i dtíortha cumannacha a gcumas dearthóireachta a léiriú freisin agus rinne an Ghearmáin Thoir a cathaoir féin i gcruth Z a tháirgeadh go gairid ina dhiaidh sin.
Tharla athruithe ó bhonn i gcórais oideachais na hEorpa le linn na tréimhse seo. Tháinig méadú ar mhaoiniú stáit ar gach leibhéal de dheasca an bhorrtha faoi gheilleagair agus faoin stát leasa agus fuair níos mó páistí agus daoine óga rochtain níos fearr ar oideachas – nach raibh teoranta don mhionlach faoi phribhléid a thuilleadh – dá bharr.
Tógadh cathracha satailíte agus eastáit mhóra de réir phrionsabail na hailtireachta nua-aoisí. Tháinig sráid i ndiaidh sráide d’fhoirgnimh chomhionanna, a bhí liath agus déanta de stroighin, chun cinn taobh le hionaid iompair agus ionaid seirbhísí sóisialta. Ní thabharfaí faoi deara an tionchar diúltach a bhí ag an bhfíor-fheidhmiúlachas agus an dian-chaighdeánú aeistéitiúil seo ar shaol an duine agus ar an uige shóisialta go ceann na mblianta ina dhiaidh sin.
Léiríonn an chathaoir seo ó chlinic fiaclóireachta Eastman do pháistí gur bhraith cúram sláinte san Eoraip roimh an gcogadh go mór ar fhlaithiúlacht na ndeontóirí príobháideacha amhail an fear gnó Meiriceánach George Eastman. Sna 1930idí bhunaigh sé agus rinne sé urraíocht ar roinnt clinicí fiaclóireachta san Eoraip, a n-ionchorpraíodh sna seirbhísí sláinte poiblí i ndiaidh an chogaidh.
Bhí fás ag teacht anois ar líon na ndaoine a raibh carr dá gcuid féin acu, cé gur ag daoine saibhre amháin a bhí an phribhléid sin tráth, agus comhartha ba ea é seo den rath a bhí ar an Eoraip. I mBloc an Oirthir, áfach, áit nár shásaigh an táirgeadh an t-éileamh riamh, ba só-earra iad agus bhí liostaí feithimh fad blianta ag gabháil leo i gcásanna áirithe. Dhíol múnlaí íocónacha, amhail FIAT san Iodáil, ceadúnais i stáit eile ar an mór-roinn.
CLOCHA MÍLE LÁNPHÁIRTIÚ NA hEORPA I
Tháinig dhá théarma nua ar an saol le smacht an Aontais Shóivéadaigh ar Oirthear na hEorpa agus an leamhsháinn a bhí ar bun idir an tAontas Sóivéadach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis an Dara Cogadh Domhanda – an Cuirtín Iarainn agus an Cogadh Fuar. Le tacaíocht ó Mheiriceá, bhíothas in ann comhoibriú níos fearr a dhéanamh in Iarthar na hEorpa.
In Iarthar na hEorpa, bhí dóchas ag dul i méid maidir le hEoraip aontaithe de réir mar a bhí tíortha na hEorpa ag mothú go raibh siad sáite idir an dá ollchumhacht. Diaidh ar ndiaidh, chuidigh an smaoineamh maidir leis an ilchríoch mar ‘an Tríú Fórsa’ leis an mbealach a leagan amach le haghaidh comhoibriú trasteorann níos dlúithe
Má tá ‘Stáit Aontaithe na hEorpa’ le bheith ann, teastóidh gnéithe daingne amhail pas agus airgeadra coiteann. Chomh fada siar leis na 1940idí, bhí cumann neamhspleách a thug an Ghluaiseacht Eorpach air féin i mbun feachtais maidir leis sin trí chártaí aitheantais agus nótaí bainc bréige a thabhairt amach
Féach ar an litriú a thugtar ar EUROP ar an tinne iarainn seo ó 1953. Fágtar ar lár an litir dheiridh ‘E’ mar a litrítear é de ghnáth sa Fhraincis, agus an litir ‘A’ mar a fheictear de ghnáth sa Ghearmáinis, san Ollainnis agus san Iodáilis. Sampla iontach é sin den chomhréiteach i gcroílár an Chomhphobail nua Eorpaigh do Ghual agus Chruach.
CUIMHNE AR AN SHOAH
Tost, neamh-aitheantas, smachtúlacht; is mar sin a caitheadh leis an Uileloscadh, nó an Shoah, mar a thugtar air san Eabhrais, sa tréimhse i ndiaidh an chogaidh.
Chuir náisiúin, a rinne a seacht ndícheall a bhféinmhuinín a aimsiú an athuair, a gcuid ciontachta agus comhchiontaíola ar leataobh agus mhair siad leis na cuimhní a bhí acu den fhulaingt agus den chruatan. Nuair a thit an Cogadh Fuar amach, bhí sé níos éasca neamhaird a dhéanamh den teip a tharla roimhe sin.
Sa lá atá inniu ann, áfach, tá an t-aitheantas a fhaigheann an choireacht thar cuimse sin in aghaidh na daonnachta i gcroílár na díospóireachta a dhéantar ar an gcuimhne Eorpach.
Chruthaigh na healaíontóirí Ritula Fränkel agus a fear céile Nicholas Morris an saothar ealaíne Cóta Josef in 2001. Ba le hathair Ritula, Josef Fränkel, an cóta. Ba dhuine é Josef a thug a bheatha leis as an Shoah.