AN EORAIP A MHÚNLÚ
AN EORAIP A MHÚNLÚ
Cad é an Eoraip? Taispeántar dúinn sa tíreolaíocht nach spás uathúil aisti féin a bhí san Eoraip riamh. Tagann ainm na mór-roinne féin ó mhiotas ársa na Gréigise, Europa, scéal arb iomaí míniú atá tugtha air, ar nós na staire féin, agus ó dhearcthaí éagsúla sa saol.
Déantar cur síos ar an Eoraip trína héachtaí agus trína traidisiúin, ach cad atá éagsúil fúithi le hais mór-ranna eile? An féidir linn a rá go bhfuil stair Eorpach i gcoiteann againn nuair a chuaigh an stair sin i gcion ar dhaoine ar bhealaí éagsúla? An bhfuilimid in ann teacht ar chomóntacht? An ann do thaisce den chuimhne Eorpach?
Tugann na saothair a rinne tíreolaithe sa chianaois, ar nós Claudius Ptolemy (c.90-c.170 CR, nó Comh-Ré), sracfhéachaint dúinn ar an léargas a bhí acu ar an domhan ag an am. Ní léirítear ach codanna den Eoraip, den Áis agus den Afraic Thuaidh sna saothair sin. Bhain Ptolemy úsáid as córas comhordanáidí le suíomh a thabhairt d’áiteanna ar leith. Lean daoine de léarscáileanna Ptolemy a úsáid mar bhunús do chartagrafaíocht na hEorpa níos déanaí ná an 15ú hAois.
Is minic a tugadh neamhaird ar chruinneas geografach sna léarscáileanna a rinneadh sa Mheánaois i bhfabhar teachtaireachtaí agus siombalachas Críostaí. Le linn na hAthbheochana, léiríodh ilchríoch na hEorpa i gcruth na Maighdine Mhuire: chun féiniúlacht Chríostaí na hEorpa a chur in iúl.
Go hiondúil is í ár n-áit chónaithe a mhúnlaíonn an léargas a bhíonn againn ar an domhan. Tá sé seo le feiceáil go rí-shoiléir ar léarscáileanna den domhan a rinneadh lasmuigh den Eoraip; áit a mbíonn cuma bheag agus i bhfad i gcéin ar mhór-roinn na hEorpa.
MIOTAS EUROPA
Tagann an dia Gréagach Zeus chuig banphrionsa miotasach, Europa, arbh as an bhFéiníc di - an Liobáin sa lá atá inniu ann - i gcruth tairbh bháin agus fuadaíonn sé í. Tar éis dó titim i ngrá lena háilleacht, tógann sé leis chuig oileán na Créite í.
Samhlaíodh ainm na hEorpa leis an miotas seo ón tseanaois i leith agus samhlaítear lena chéile go fóill iad sa lá atá inniu ann. Tá an miotas seo le fáil san ealaíon, sa litríocht, sa reiligiún agus sa pholaitíocht, áit a mbaintear ciall nua as an scéal agus as na híomhánna ann go minic chun saincheisteanna reatha a léiriú.
Ba íomhá í Europa ag marcaíocht ar dhroim Zeus a d’fheictí arís is arís eile ar cheirmeacht, ar shaothair mhúrealaíne agus ar mhósáicí sa domhan Gréag-Rómhánach. Chuir easpórtáil vásaí Gréagacha le forleathnú an mhiotais freisin.
Is minic a úsáidtear miotas Europa chun tuairimí a chur in iúl maidir le polaitíocht na hEorpa. Síneann a leithéid de léiriúcháin thar raon ábhar, ó na hiarrachtaí ar phan-Eorpú a rinneadh ag tús an 20ú hAois go huafáis agus foréigin i gcogaí uafásacha.
De réir léirithe a rinneadh ó shin ar mhiotas Europa, is siombail de lánpháirtiú na hEorpa é. Tá sé le fáil i bhfoirm chomhartha uisce ar airgeadra, agus ina theannta sin, baintear leas as chun saincheisteanna cosúil le géarchéim an Euro a léiriú.
AN OIDHREACHT EORPACH
Cad a nascann an mhór-roinn le chéile? Cad a d’fhéadfaí a mheas mar oidhreacht Eorpach?
Is mó an Eoraip ná suimiú na startha náisiúnta, ach an sibhialtacht agus cultúr í a thréithríonn traidisiúin agus luachanna áirithe a forbraíodh trí stair?
Is bunghnéithe iad seo atá Eorpach go bunúil agus a leath ar fud na mór-roinne. An féidir iad a áireamh mar shaintréithe ar leith de chultúr na hEorpa? Más féidir, cé acu codanna den oidhreacht Eorpach seo ba cheart dúinn a chaomhnú, cad is maith linn a athrú, cad ba cheart dúinn a chonspóid?
Óna bunús sa Mheánoirthear, leath an Chríostaíocht amach ar fud na hEorpa uile go dtí go raibh an-tionchar aici agus go raibh sí ina sainghné de shibhialtacht an ‘Iarthair’. Sa lá atá inniu ann, léiríonn luachanna, traidisiúin agus cultúr na hEorpa an oidhreacht fhada Chríostaí sin fós.
Ba chor cinniúna í ‘Ré na hEagnaíochta’ san ochtú haois déag i bhforbairt chultúrtha agus pholaitiúil na hEorpa. Agus béim á chur aici ar luach an réasúin agus ar smaointeoireacht réasúnach, spreag sí forbairt shuntasach san eolaíocht, san fhealsúnacht, sa tsochaí agus sa pholaitíocht.
Is cineál rialtais é an daonlathas a thugann féinchinntiúchán do shaoránaigh, le cinntí polaitiúla á ndéanamh bunaithe ar thromlach na ndaoine. Ba sa fichiú haois den chéad uair a scaip daonlathais na hEorpa cearta vótála ar gach saoránach fásta.
AN CHUIMHNE
Más cuimhin linn an t-am atá caite, an féidir linn athdhéanamh a bhotún a sheachaint? Tá cuimhne riachtanach. I gcás daoine aonair nó grúpaí sóisialta, is é bunús na foghlama agus na féinfheasachta é.
Fós is feiniméan casta an chuimhne. Tá sí roghnach agus ailínithe go do-scartha le dearmad. Is cuid ríthábhachtach den stair ár gcuimhní agus imríonn tionchar domhain ar ár láithreach agus ar ár dtodhchaí. Athraíonn an tslí is cuimhin linn an stair chéanna de shíor.
Tá cuimhne suibiachtúil agus faoi anáil cúinsí. Tá dialann Anne Frank, cailín óg Giúdach faoi cheilt in Amstardam i rith fhorghabháil na Naitsithe, tar éis cáil dhomhanda a shroicheadh. Is féidir le fianaisí mar seo, a phearsantaíonn stair, níos mó a insint dúinn uaireanta fúithi ná anailís staireagrafach.
Braitheann cuimhne ar chomhthéacs stairiúil. Uaireanta spreagann sí díoltas, uaireanta eile treoraíonn sí an tslí chun athmhuintearais. Sheas an tráth an-siombalach ag an gcomóradh seo ar an gCogadh Mór ar ar fhreastail François Mitterrand agus Helmut Kohl do dheireadh an naimhdis stairiúil idir an Fhrainc agus an Ghearmáin.
Is féidir cuimhne a ionramháil le glanadh agus bonn a bhaint. Is sainmharc na réimeas ollsmachtach ‘aerscuabadh’ daoine áirithe ón stair. Tar éis do Leon Trotsky agus Lev Kamenev teacht salach ar Joseph Stailín tar éis 1929, baineadh iad den ghrianghraf íocónach de Leinín inar thug sé óráid.