Back to top

AN EORAIP: CUMHACHT DHOMHANDA

Chuir an glao ar dhaonlathas agus ar cheannasacht náisiúnta, fás na tionsclaíochta agus an impiriúlachais go léir athrú ó bhonn ar chúrsa na hEorpa. Shroich an Eoraip buaic a cumhachta domhanda. Chothaigh na hathruithe teannas sóisialta in Eoraip an 19ú haois - agus tá tionchar na n-athruithe sin fós thar a bheith ábhartha sa lá atá inniu ann.

Cumhacht domhanda - an tríú hurlár isteach chuig an Eoraip

AN EORAIP A MHAPÁIL

Cá dtosaíonn an Eoraip agus cá gcríochnaíonn sí? Ón gcianaois i leith déantar cur síos uirthi mar mhór-roinn leithleach; arna mhúnlú ag an stair agus ag an gcultúr – cé gur aon ilchríoch amháin iad an Eoraip agus an Áis de réir na tíreolaíochta.

Téann an spéis a chuireann muintir na hEorpa i léarscáileanna agus i ndéanamh léarscáileanna siar go aimsir na Sean-Ghréige agus na Sean-Róimhe, agus is stair fhada agus ilchineálach a bhaineann léi. Le fionnachtain na mbealaí farraige go Críocha Mheiriceá san 15ú haois, tháinig athrú ar dhearcadh na nEorpach ar an domhan aithnidiúil, mar aon leis an dearcadh a bhí acu orthu féin.

MARGAÍ AGUS DAOINE

Gal, deatach, monarchana, torann - d’fhógair siad uile tús na Réabhlóide Tionsclaíche sa Bhreatain Mhór. Scaip déantúsaíocht trasna na hEorpa ansin ar leibhéil éagsúla, agus lárionad domhanda maidir le tionsclú, airgeadas agus tráchtáil á dhéanamh den Mhór-roinn.

Chuir nuálaíochtaí teicniúla nua tús le dul chun cinn tionsclaíoch agus spreag cumhacht ghaile forbairt thromthionscail. Tháinig athrú iomlán ar mhodhanna táirgthe agus d’olltáirg monarchana móra leis na mílte oibrithe earraí tionsclaíocha agus earraí tomhaltóirí.

EOLAÍOCHT AGUS TEICNEOLAÍOCHT

Luas, fuinniúlacht agus iontaoibh san fhorás is mó is féidir a lua leis an Eoraip ag deireadh an 19ú hAois. A bhuíochas do na hiarnróid, don leictreachas, don chineama, don ghrianghrafadóireacht agus do theoiricí nua san eolaíocht agus sa leigheas, bhain an Eoraip ról ceannasach amach di féin i ré nua seo na teicneolaíochta. Bhí ré lán de dhóchas ag teacht.

Le teacht ré na n-iarnród, léiríodh dul chun cinn na hEorpa mar cheannaire teann ar dhomhan na teicneolaíochta. Leath an tionsclaíocht amach agus bhí fáil ag daoine de gach aicme shóisialta ar thaisteal cianturais.

Ba de réir ama agus luas a thomhaistí turais as sin amach seachas de réir faid. Chruthaigh na cuideachtaí iarnróid gréasáin thras-Eorpacha a chuaigh chun leasa lárionad na mór-roinne a raibh teacht go héasca air cheana féin ach a d’fhág go raibh tíortha agus pobail ar fhorimeall na mór-roinne chomh hiargúlta agus a bhí riamh.

IMPIRIÚLACHAS

Ba chumhacht cheannasach ar bhonn domhanda í an Eoraip sa 19ú hAois. Leath impireachtaí amach, thiomairg coilíneachtaí - agus iad go léir á spreagadh ag an Réabhlóid Thionsclaíoch. Chuir coilíneachtaí na hamhábhair agus na só-earraí ar fáil chun freagairt don éileamh tomhaltais a bhí ag dul i méid, agus gheall siad margaí leathana do tháirgí Eorpacha mar mhalairt air sin. Maitheadh an mhí-úsáid agus an éagothroime mar chuid riachtanach de ‘shibhialú’ na bpobal barbartha. I ndiaidh chealú na sclábhaíochta de réir a chéile, tháinig cineálacha eile éadulaingthe agus ciníochais chun cinn.

Faoin mbliain 1914 bhí tíortha Eorpacha i gceannas ar thart ar 30 % de phobal an domhain. Bhí an Eoraip bainteach le turasanna taiscéalaíochta agus trádála thar lear leis na céadta bliain, ach bhí sí in ann an smacht a bhí aici ar mhór-ranna eile a dhaigniú de bharr na mbuntáistí a thug an Réabhlóid Thionsclaíoch di.