Back to top

BUANTAISPEÁNTAS

De réir mar a thugaimid thú tríd an bpríomhthaispeántas tabharfaidh tú faoi deara nach n-insímid duit an seanchas a bhaineann le gach náisiún san Eoraip. Ina ionad sin, táimid ag iarraidh fáil amach conas a mhúnlaigh an stair ‘cuimhne Eorpach’ agus mar a leanann sí de bheith ag dul i gcion ar ár saol inniu agus mar a dhéanfaidh sí amhlaidh amach anseo. Díreach mar a tharlaíonn inár saol féin, tá rudaí áirithe ar maith linn cuimhneamh orthu agus rudaí eile ar maith linn dearmad a dhéanamh orthu. Agus ar ndóigh, is féidir linn ár gciall uathúil féin a bhaint as an eachtra chéanna.

Is rogha beag den bhuantaispeántas é an t-ábhar a thaispeántar ar ár suíomh gréasáin.

 

Entrance to Shaping Europe second floor

AN EORAIP A MHÚNLÚ

An ann d’aimsir chaite na hEorpa atá comhroinnte? Cad a nascann an mhór-roinn le chéile? Tosaíonn do thuras anseo!

Cumhacht domhanda - an tríú hurlár isteach chuig an Eoraip

AN EORAIP: CUMHACHT DHOMHANDA

Chuir an glao ar dhaonlathas agus ar cheannasacht náisiúnta, fás na tionsclaíochta agus an impiriúlachais go léir athrú ó bhonn ar chúrsa na hEorpa. Shroich an Eoraip buaic a cumhachta domhanda. Chothaigh na hathruithe teannas sóisialta in Eoraip an 19ú haois - agus tá tionchar na n-athruithe sin fós thar a bheith ábhartha sa lá atá inniu ann...

Fothracha isteach sa Eoraip - an tríú hurlár

AN EORAIP SCRIOSTA

Ba léir fíor-ainghníomhartha agus dímheas ar an gcine daonna i gcásanna éagsúla an ollchogaidh agus na sceimhlitheoireachta ollsmachtaí sa chéad leath den 20ú haois.

Iontráil chuig an ceathrú hurlár

MÓR-ROINN ROINNTE A ATÓGÁIL

Tháinig tírdhreach polaitiúil nua chun cinn ó luaithreach an chogaidh, tírdhreach a bhí á dheighilt ag Cuirtín Iarainn. Cuireadh smaoineamh an lánpháirtithe Eorpaigh i bhfeidhm, ach an mbeadh borradh air?

An t-iontráil chuig an cúigiú hurlár - Deimhnithe Socraithe

CINNTEACHTAÍ Á RÉABADH

Chlis ar na geilleagair iarchogaidh a raibh borradh fúthu roimhe sin. Bhí ar réimis chumannacha dul i ngleic le saincheisteanna córasacha agus le heasnamh dlisteanachta sochpholatúla. Chuir an domhandú ag deireadh an Chogadh Fhuair dlús le lánpháirtiú na hEorpa.

AN EORAIP ANOIS

Céard iad na prionsabail atá i gcoiteann againn a cheanglaíonn le chéile muid beag beann ar dhifríochtaí polaitiúla, creidimh, cultúrtha agus sóisialta?

Céard a bheidh le rá ag na téacsleabhair staire amach anseo faoin am i láthair?